Déardaoin, 06 Bealtaine 2021

Cúis bhróin do Gael Linn bás Albert Fry

Cúis bhróin do Gael Linn bás Albert Fry

Cúis bhróin do Gael Linn bás Albert Fry, bailitheoir ceoil agus amhránaí. Chuir Albert aithne phearsanta ar chumadóirí agus amhránaithe Rann na Feirste sna 1950í, agus 

d’fhoghlaim sé a gcuid amhrán uathu - Seán Bán Mac Grianna, Aodh Ó Duibheannaigh agus Séamus Ó Grianna. Lena chuid ceirníní le Gael Linn, roinn Albert amhráin 

Rann na Feirste leis an náisiún Gaelach; tá bailiúchán amhrán Albert eisithe ag Gael Linn ar an albam Trathnóna Beag Aréir (2008).

 

Dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn: ‘Ar na hamhráin ba mhó ag Albert bhí, ‘Tráthnóna Beag Aréir’ agus ‘Úrchnoc Céin Mhic Cáinte’, 

dhá amhrán draíochtúla a chuireann an t-éisteoir faoi gheasa. Gura ceolmhaire agus cuideachtúla na Flaithis agus Albert Fry i measc na bhFíréan.’

‘Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh

                                    Sa dún sin Céin Mhic Cáinte’