Tá folúntas ag Gael Linn don phost mar Riarthóir ar ár bhfoilseacháin scoile a fhoilsítear ina gcaibidlí le linn na scoilbhliana.
Bíonn ról lárnach ag an Riarthóir a chinntiú go mbíonn gach céim den phróiseas táirgthe ar sprioc. Chuige sin, bíonn an Riarthóir ag plé leis na páirithe a leanas: an t-eagarthóir, na scríbhneoirí, an dearthóir agus na clódóirí. Ina theannta sin, bíonn ábhar cluastuisceana le taifeadadh agus déanann an Riarthóir comhordú air sin.
Gné eile den phost í an mhargaíocht. Féachann an Riarthóir chuige go mbíonn múinteoirí Gaeilge ar an eolas faoi na foilseacháin agus go ndéantar orduithe a phróiseáil go cuí.
Riachtanais:
· Ardleibhéal Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
· Ardscileanna riaracháin agus eagrúcháin
· Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta
· Scileanna ríomhaireachta
Inmhianaithe:
· Céim ábhartha nó a comhionann de thaithí
· Tuiscint ar an earnáil oideachais, agus ar churaclam na hiarbhunscoile
· Taithí/suim i ndearadh graific, leagan amach
Brathfaidh tuarastal ar cáilíochtaí agus taithí.
Spriocdháta le haghaidh iarratais: 16 Iúil 2021
Foirm iarratais & tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie