Máirt, 14 Meán Fómhair 2021

Oíche Chultúir 2021 - Abair Amhrán Linn!

Oíche Chultúir 2021 - Abair Amhrán Linn!
Tugann Gael Linn cuireadh dár leantóirí go léir ceiliúradh a dhéanamh linn ar Oíche Chultúir 2021. 

Beidh seisiún bhreá amhránaíochta agus ceoil le Clann Uí Chasaidigh á chraoladh beo ó phríomhoifig Gael Linn ar an Aoine, 17 Meán Fómhair ón 5 - 6i.n. Beidh an craoladh le feiceáil ag an bpobal ar chainéal YouTube Gael LInn agus ar leathanach Facebook Gael Linn [naisc thíos]. 

Casfaidh na Caisidigh amhráin chlúiteacha a foghlaimíodh ar scoil agus beidh neart ceoil le cloisteáil uathu chomh maith. Beidh deis ag an bpobal sa mbaile páirt a ghlacadh sa spraoi chomh maith mar go gcuirfear focail na n-amhrán ar fáil ar YouTube agus ar Facebook roimh ré. 
 
Bígí linn don mhórcheiliúradh ar líne mar chuid d'Oíche Chultúir 2021!

Le breathnú ar 'Abair Amhrán leis na Casaidigh' ar YouTube cliceáil anseo agus beifear in ann teacht air ar Facebook anseo

Tá liricí na n-amhrán ar fáil anseo