Luan, 06 Nollaig 2021

Aighneacht Gael Linn do Chomhairliúchán CNCM ar dhréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 Samhain 2021

Aighneacht Gael Linn do Chomhairliúchán CNCM ar dhréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 Samhain 2021

  

AighneachtGael Linn

 

do

 

Chomhairliúchán CNCM ardhréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2

 

 

 

Samhain2021

 

 

 

 

 

Tá Gael Linn buíoch as an deis seo ár dtuairimí a léiriúdon CNCM maidir leis an chomhairliúchán ar na dréachtsonraíochtaí donGhailge ag leibhéal na sraithe shinsearaí[1].

 

 

1.      CúlraGael Linn[2]

 

Fondúireacht neamhpholaitiúil,neamhrialtasach is ea Gael Linn, a bunaíodh sa bhliain 1953, an phríomhaidhmaici ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur cinn ar fud Éireannuile mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Tá oifigí Gael Linnlonnaithe i mBaile Átha Cliath agus in Ard Mhacha.

 

2.      Ceanneagraíocht

Sa bhliain 2014, aithníodh Gael Linn ar cheann de na sé cheanneagraíocht abheadh le bunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Mar cheanneagraíocht, ‘siad seoroinnt de na feidhmeanna atá leagtha orainn:

i) Oideachas in Earnáil an Bhéarla-taighde agus áiteamh i leith theagasc na Gaeilge,           tacaíocht do mhúinteoirí agussoláthar áiseanna
ii) Oideachas d’Aosaigh - soláthar agus éileamh ar ranganna agus áiseanna achur chun cinn
ii) Deiseanna Úsáide do Dhaltaí Scoile a sholáthar

 

&

 

iii) Gaelbhratach[3] afhorbairt

iv) Gréasáin úsáide Gaeilgescoil-bhunaithe a bhunú agus a bhuanú

v) Sraith d’imeachtaíseach-churaclaim a éascú agus a chomhordú

 

3.      ComhpháirtíochtGael Linn

 

Tá Gael Linn páirteach sachomhchoiste oideachais atá curtha le chéile i gcomhar le Conradh na Gaeilge letacú le teagasc/foghlaim na Gaeilge trasna an chórais oideachais. Tacaíonn muidgo hiomlán lena a raibh sa phlépháipéir a scríobh An tOllamh Áine Hyland agusFíona Uí Uiginn mar fhreagra ar na dréachtsonraíochtaí seo.[4] 

 

Bhunaigh Gael Linn An Gréasánsa bhliain 2018 – Grúpa ionadaíoch múinteoirí iarbhunscoile Gaeilge ag tacú lemúineadh agus foghlaim na Gaeilge. Tá Gael Linn páirteach sa choiste náisiúnta.

 

Seo thíos na príomhphointí armhaith linn a bheith glactha san áireamh maidir leis an chomhairliúchán seo:

 

4.      Ginearálta

Tá na sonraíochtaí mar atáleagtha amach sa cháipéis chomhairliúcháin easnamhach. Tá an teanga nacumarsáide don chómhairliúchán seo ró-dhoiléir agus bhí an suirbhé a bhí lelíonadh amach ró-chasta.

 

Níl a dhóthain sonraí iontu dolucht teagaisc/foghlama na Gaeilge ag an tSraith Shinsear.

Tá na dréachtsonraíochtaíró-scaoilte agus ró-oscailte. Ní mór níos mó eolais a chur ar fáilar roinnt mhaith buncheisteanna le go mbeadh próiseascomhairliúcháin ceart éifeachtach ann. 

 

Tá gach duine i bhfabhar athruithe a threiseoidh cumasan phobail sa teanga agus a chothóidh grá, meas, muinín, suim agus líofacht sateanga.

 

Ba chóir an comhairliúchán reathaatá ar bun ag an CNCM ar na dréachtsonraíochtaí nua ardteistiméireachta T1 agusT2 a chur siar go dtí go bhfuil athbhreithniú iomlán déanta ar an Ghaeilge satsraith shóisear ar cuireadh tús leis sa bhliain acadúil 2017/18.

 

Is féidir go ndéanfaí na moltaíreatha atá ag CNCM dochar d’fhoghlaim agus do theagasc na Gaeilge seachasmaitheas. Tá barraíocht éiginnte agus ceisteanna maidir le T1 agus T2. Tá ibhfad níos mó ceisteanna ag múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí maidir leisna dréachtsonraíochtaí seo ná mar atá freagraí ag CNCM.

 

Beidh impleachtaímóra fadtéarmacha ag an bpróiseas seo ar fhoghlaim agus armhúineadh na Gaeilge. Tá sé riachtanach do chur chun cinn agusd’fhorbairt na teanga go dtagaimid ar an mhúnla ceart do mhúineadh naGaeilge leis an teanga a thabhairt slán do na glúnta atá leteacht. Is cóir athruithe bunúsacha a phiolútú.

 

Tá teacht ar an chur chuige ceartmaidir le teagasc na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste fíor-thábhachtach leriachtanais aitheanta an stáit a chomhlíonadh i.e. an sprioc i mBille nadTeangacha Oifigiúla go mbeadh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblíinniúil sa Ghaeilge.

 

Níoireann na dréachtsonraíochtaí molta seo do scoláirí a fhreastalaíonn ar chúrsaísamhraidh sa Ghaeltacht. Má leantar leis an mhodh oibre atá á mholadh ag anCNCM ní bheidh gá dul chun na Gaeltachta agus, san fhad-téarma, beidh droch-thioncharag na dréachtsonraíochtaí ar thodhchaí na gcoláistí Gaeilge. 

 

5.      AntSraith Shóisearach  

 

Níl aon chruthúnas ann go bhfuil agéirí go maith leis na sonraíochtaí T1 agus T2 mar gheall nach bhfuilathbhreithniú iomlán déanta ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí gofóill. Níl na cúrsaí críochnaithe go hiomlán ag aon ghrúpa daltaí ó cuireadhtús leis na sonraíochtaí nua sin 217/18.

 

Ní féidir a rá mar sin gobhfuil siad ag obair go maith. Ní mór taighde cuimsitheacha dhéanamh air seo agus é a bheith mar chuid d’aon chomhairliúchán i dtacale sonraíochtaí na hArdteistiméireachta. 

 

Dar le suirbhé a rinne An Gréasán in2021, creideann 95% de mhúinteoirí gur cheart ancomhairliúchán seo a chur siar go dtí go bhfuil athbhreithniú déantaar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaigh ar dtús.[5]

 

Maidir leis an teastas sóiseari láthair na huaire. Níl béaltriail ann. Is easpa ollmhór é sind’fhoghlaim na teanga. Níl aitheantas ar bith ann don teanga labhartha sa mharca fhaigheann daltaí ón CSS (SEC).

 

Léirighsuirbhé a d’fhoilsigh An Gréasán i mí an Mhárta 2020 gogcreideann 97% de mhúinteoirí Gaeilge gur cheart go mbeadh an obairlabhartha mar chéatadán den mharc deiridh ar an teastas óChoimisiún na Scrúduithe Stáit.[6]

 

Caithfear an t-aitheantas ceart athabhairt do thábhacht na teanga labhartha sa mheasúnú – ní leortascanna rangbhunaithe amháin. Tá sé riachtanach go mbeadh béaltriailann a dhéanfadh gach dalta.  

 

6.      DréachtsonraíochtCNCM do T1

 

Ní luaitear aon rudsna dréachtsonraíochtaí faoin tslí a meallfar daltaí le cúrsaníos  dúshlánaí a dhéanamh donArdteistiméireacht. Caithfear an cheist seo a fhreagairt mar chuidden chomhairliúchán, agus ní féidir comhairliúchán ceart a dhéanamh gan ant-eolas seo bheith ar fáil. Beidh aitheantas agus spreagadh ceart ag teastáille daltaí T1 a mhealladh le cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh nó is féidirgo mbeidh teip i ndán don tsonraíocht nua T1. 

Níl sé soiléir an mbeidh T1éigeantacht nó roghnaíoch i scoileanna Gaeltachta nó i nGaelscoileanna.

 

Tá imní fhorleathan léirithe agmúinteoirí, daltaí, tuismitheoirí, pobal na Gaeltachta, earnáilan Ghaeloideachais agus ag geallsealbhóirí eile faoina himpleachtaí tromchúiseacha a bheadh ann dá mbeadh ar dhaltaíT1 tabhairt faoi scrúdú a bheadh níos dúshlánaí, gan cúiteamh ceart afháil as seo. 

 

 

7.      DréachtsonraíochtaíT1 & T2

 

Ba chóir úsáid a bhaint as anbhFráma Tagartha Comónta Eorpach leis an Ghaeilge a  theagasc agus le measúnú agus tuairisciú adhéanamh ar an ábhar san Ardteist (agus sa sraith shóisearach chomh maith).

 

Ba chóir aon athruithe don Ghaeilgesa tsraith shinsearach teacht mar chuid de Pholasaí don Ghaeilge sa ChórasOideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal.

 

 

8.      Litríocht

 

Níl dréacht liostaí litríochta arfáil leis na dréachtsonraíochtaí atá foilsithe ag CNCM. Ba cheart gombeadh deis ag múinteoirí na téacsanna molta a mheas. Ní féidir nadréachtsonraíochtaí a mheas i gceart gan an t-eolas seo bheith ar fáil. Níl goleor eolais ach oiread, ar fáil faoin stíl ceiste a bheidh le freagairt agdaltaí amach anseo. Tá géarghá lena leithéid.  

 

Dar le suirbhé a rinne An Gréasán i2021 creideann 95% de mhúinteoirí gur cheart liostaí litríochta a fhoilsiú agan am céanna le dréachtsonraíochtaí na Sraithe Sinsearaí. 

 

Ba chóir cinntiú go mbeadh goleor ama ag múinteoirí agus ag daltaí na téacsanna uile atá luaite leisna dréachtsonraíochtaí a chlúdach go compordach taobh istigh denachar ama a chuirtear ar fáil don Ghaeilge, ag cur san áireamh an fhoghlaim uileeile atá le déanamh. Léiríodh míshásamh láidir go raibh aniomarca téacsanna le clúdach ag leibhéal an sraithe sóisearaí marshampla. 

 

 

9.      Struchtúr

 

Tá ardú suntasach tagtha ar líon nandaltaí atá ag tabhairt faoin chúrsa ardleibhéil ó tugadh isteach an 40% donBhéaltriail, ó 32.34% sa bhliain 2011 go 42.57% sa bhliain 2016 go 47.95% sabhliain 2019. Is rud thar a bheith dearfach é go bhfuil níos mó daltaí agroghnú an scrúdú ardleibhéil anois. Tá baol ann go dtiocfaidh laghdú arlíon na ndaltaí a thugann faoin chúrsa ardleibhéil má bhíonn ísliú snamarcanna don obair labhartha. 

 

Dar le suirbhé a rinne An Gréasán i2021 creideann 95% de mhúinteoirí nár cheart go mbeadh aon ísliú ann snamarcanna don obair labhartha.  

 

 

10.  TorthaíFoghlama

 

Ní mór eolas a thabhairt ar an ábhar,ar na téamaí agus ar na topaicí agus ar an stíl scríbhneoireachta a bheadh ageascairt as na torthaí foghlama. Tá doiléireacht ag baint leis na torthaífoghlama molta ag CNCM. Ní leor é seo mar threoir do mhúinteoirí agus dodhaltaí. Chothódh cur chuige mar sin easpa muiníne sna sonraíochtaínua. Níl an cur chuige seo sásúil do scrúdú chomh tábhachtach leis antSraith Shinsearach. Ba chóir an ceann scríbe a bheith soiléir dochuile geallsealbhóir.  

 

Ní léir ach oiread gobhfuil difreáil cheart déanta le freastal ar riachtanais dhaltaí T1 agusriachtanais dhaltaí T2 sna dréachtsonraíochtaí. Is beag difríocht atá idir natorthaí foghlama sa dá shonraíocht. 

 

Dar le suirbhé a rinne An Gréasán i 2021creideann 97% de mhúinteoirí gur cheart tuilleadh sonraí a bheith luaitesna dréachtsonraíochtaí ar na téamaí agus na topaicí féideartha abheadh ag eascairt as na torthaí foghlama le treoir shoiléir a thabhairt domhúinteoirí agus do scoláirí. 

 

11.  Measúnú 

 

Tá baol ann go mbeidh ardú mór ilíon na ndaltaí atá ar lorg díolúine ón Ghaeilge mura mbeadh cúrsa bonnleibhéilann a thuilleadh. D’fhéadfadh é seo an-dochar a dhéanamh don Ghaeilge marábhar. Tá baol ann nach mbeidh freastal ceart ann do na daltaítraidisiúnta bonnleibhéil amach anseo mura mbíonn cúrsa bonnleibhéil ann,rud a bheadh éagórach. Tá sé riachtanach go mbeadh an deis ag gach daltaan Ghaeilge a fhoghlaim ag leibhéal atá oiriúnach dóibh. 

 

Dar le suirbhé a rinne An Gréasán i2021 creideann 87% de mhúinteoirí gur cheart go mbeadh Cúrsa Bonnleibhéilfós ar fáil do scoláirí. 

 

Ba cheart an córas measúnachta adhearadh agus tascanna samplacha measúnachta a chur ar fáil bunaithe ar nasonraíochtaí agus an comhairliúchán a bhunú air sin ar fad, sula dtosaíonnfoilsitheoirí ag ullmhú téacsleabhar nó sula dtosaíonn an teagasc. CaithfidhCoimisiún na Scrúduithe Stáit agus An Rannóg Beartas, Churaclam agusMeasúnacht (CAP) páirt lárnach a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí seofreisin. 

 

Tá sé an-tábhacht go mbeidh eolasar na measúnuithe agus samplaí den chineál measúnaithe a bheadh i gceist arfáil ag tús an phróisis. Cuideoidh sé sin leis na hathruithe a leabú isteachagus le meon agus straitéisí teagaisc a athrú. 

 

Dar le suirbhé a rinne An Gréasán i 2021creideann 96% de mhúinteoirí gur cheart pacáiste de scrúduithe samplacha agusscéim mharcála a bheith foilsithe in éineacht leis na sonraíochtaí agus leisna dréachtsonraíochtaí. 

 

 

12.  Pacáistede scrúduithe samplacha / scéim mharcála / traenáil 

 

Tá gá le scrúduithe samplacha agusscéim marcála a bheith curtha ar fáil sula gcuirtear tús le cúrsa nua, agus gombeadh traenáil chuimsitheach déanta ag múinteoirí agus acmhainnítacaíochta curtha ar fáil ar a laghad bliain scoile iomlán sula gcuirtear túsle cúrsa nua.

 

Dar le suirbhé a rinne An Gréasán i 2021creideann 99% de mhúinteoirí gur cheart traenáil chuimsitheach a bheith déantaag múinteoirí agus acmhainní tacaíochta a bheith curtha ar fáil ar a laghadbliain scoile iomlán sula gcuirtear tús leis an gcúrsa nua. 

 

13.  Riachtanaisna nDaltaí

 

Marchuid den athbhreithniú seo, ní mór taighde cuimsitheach a dhéanamh ar naceisteanna/pointí thíosluaite agus na sonraíochtaí agus na measúnuithe a bhunúthart ar na riachtanais mar éagsúla:

 

-na sainriachtanais atá ag an dalta T1 ó thaobh foghlaim teanga de, agus

-an bealach ar cheart sonraíocht agus measúnuithe a fhorbairt a fhreastalaíonn maris ceart ar na sainriachtanais sin. 

-na sainriachtanais atá ag an dalta T2 ó thaobh foghlaim teanga de, agus

-an bealach ar cheart sonraíocht agus measúnuithe a fhorbairt a fhreastalaíonn igceart ar na sainriachtanais sin. 

-an bealach ar cheart na sonraíochtaí agus na measúnuithe a chur in oiriúint dodhaltaí ardleibhéil agus do dhaltaí gnáthleibhéil.

-an bealach ar cheart tabhairt faoi dhifreáil le freastal ar riachtanais nandaltaí uile.

-an bhfreastalóidh na dréacthsonraíochtaí nó na measúnuithe i gceart ar nasainriachtanais éagsúla atá ag na daltaí seo uile. 

- ní léir i láthair na huaire cénchaoi a ndéanfar freastal ceart ar riachtanais na ndaltaí a bhíodh ag tabhairtfaoin scrúdú bonnleibhéil go dtí seo sa chóras nua atá molta.

- ní mór deis a thabhairt do gach daltaan Ghaeilge a fhoghlaim ag leibhéal atá oiriúnach dóibh. 

 

14.  Conclúidí

 

Caithfidh CNCM, CSS agus An RoinnOideachais agus Scileanna oibriú le chéile agus oibriú le múinteoiríagus leis na geallsealbhóirí ar fad chun an rud is fearr agus is rathúla adhéanamh don Ghaeilge. 

 

Ba cheart go mbeadh an darachomhairliúchán ann ar an Gaeilge sa tSraith Shinsear agus go mbeadh atát-eolas atá easnamhach uile curtha ar fáil mar chuid den dara chomhairliúchánseo. Ba cheart go mbeadh liostaí litríochta, páipéir shamplacha, scéimeannamarcála, eolas faoin spreagadh a bheadh i gceist do dhaltaí a thugann faoinchúrsa T1, agus freagraí na mbuncheisteanna uile eile san áireamh.

 

Anuas air seo, tá sé geallta sachlár rialtais go mbeidh polasaí ann don Ghaeilge sa chóras oideachais ónréamhscoil go dtí an tríú Leibhéal, agus ba cheart go mbeadh ionchur lárnach agan pholasaí seo, nuair atá sé forbartha, ar an chur chuige atá á leanúint ag nasonraíochtaí nua don Ardteistiméireacht.

 

Ní mór dúinn an deis seo a thapú leteacht ar an mbealach ceart le foghlaim agus múineadh na Gaeilge a threisiú,agus ba cheart go mbeadh tacaíocht fhorleathan ann d’aon mhúnla nua ó nageallsealbhóirí uile chun go n-éireoidh leis. Ní mór éisteacht leis na buairimhatá léirithe ag múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus an mórphobal agus oibriúle chéile le córas d’ardchaighdeán do mhúineadh na Gaeilge a chruthú achothóidh an chéad ghlúin eile de chainteoirí líofa muiníneacha. 

 

I Mí naSamhna 2017, d’fhoilsigh Gael Linn tuairisc chuimsitheach ar áit na Gaeilge sachóras oideachais i bPoblacht na hÉireann inar léirigh muid moltaí tábhachtachale tacú le foghlaim agus teagasc na teanga sa chóras ar fad.[7]

 

Seo namoltaí is tábhachtaí ón tuairisc sin de réir mar a bhaineann siad leis an ábharreatha; athbhreithniú ar an tSraith Shinsear;

 

·        Níos mó tacaíochta achur ar fáil d’imeachtaí seach-churraclam mar atá molta mar dhea-chleachtasfoghlama/teagaisc teangacha ar fud an domhain.

·        Caighdeán Gaeilge na múinteoirí a ardú

·        A chinntiú go bhfuil go leor múinteoiríiar-bhunscoile le hardchaighdeán Gaeilge ar fáil le hábhair uile anchuraclaim a mhúineadh trí Ghaeilge.

·        Tacú le scoileanna Béarla úsáid na Gaeilge afheabhsú mar ábhar (taobh amuigh de gheataí na scoile)

·        An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 achur i bhfeidhm – creidtear go forleathan nach bhfuil dul chun cinn go leordéanta go dtí seo.

·        A chinntiú go bhfuil an státchóras (an RoinnOideachais agus Scileanna, mar shampla) ábalta plé le pobal na Gaeilge inarogha teanga ar bhonn éifeachtach

·        A chinntiú go gcuirtear an fhoireann chuí arfáil do COGG lena ndualgais bhreise maidir leis an Pholasaí don OideachasGaeltachta a chur i bhfeidhm

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

15.  Sínitheagus Tuilleadh eolais

 

 

 

Sínithe:

 

 

Pádhraic Ó Ciardha (Cathaoirleach):                                     Dáta: 19.11.21

 

Agus

 

 

 

Máire Harris (Rúnaí)                                                               Dáta: 19.11.21

 

 

ar son: Bord Gael Linn

 

Baill Eile: ClárNí Bhuachalla, Úna Ní Cheallaigh, Micheál Ó Conghaile, Máirín UíFhearraigh, Wayne Mac Feilimí, Peadar Ó Lamhna, Caoimhín Ó Peatáin.

 

 

Tuilleadh Eolais:

 

 

www.gael-linn.ie

Réamonn Ó Ciaráin

Stiúrthóir Oideachais Gael Linn

reamonn@gael-linn.ie

 

 

 



[1] https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/ábhair-agus-creata-faoi-fhorbairt/gaeilge/

[2]www.gael-linn.ie

[3] https://gaelbhratach.ie

[4] https://drive.google.com/file/d/11O_iPMC6Zhhlk_9TRUUIN931FSUj665Z/view

[5] https://angreasan.ie/wp-content/uploads/2021/05/Tuairisc-Suirbhe-an-Ghreasain-Dreachtsonraiochtai-1.pdf

[6] https://tuairisc.ie/formhor-na-muinteoiri-gaeilge-mishasta-le-scrudu-na-sraithe-soisearai-suirbhe/

[7] https://www.gael-linn.ie/uploads/documents/Tuairisc_ar_an_Ghaeilge_sa_Chóras_Oideachais_i_bPnahÉ_Samhain_2017.pdf