Máirt, 22 Márta 2022

Craobh an Phiarsaigh 2022

Craobh Díospóireachta an Phiarsaigh 2022

Ar an gCéadaoin, 23 Márta 2022, tabharfaidh foirne díospóireachta ó scoileanna éagsúla a ndéantar teagasc i mBéarla iontu ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Óstán an Radisson Blu i mBaile Átha Luain, Co. na hIarmhí chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh.
Tá Comórtas an Phiarsaigh á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna nach ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 100 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá an-áthas ar Gael Linn gur féidir linn teacht le chéile arís tar éis a bheith ar líne anuraidh.
Dhá dhíospóireacht, Sóisear agus Sinsear, a bheidh ann ar an gCéadaoin seo agus is í Ciana Ní Churraoin, Comhairleoir Feidhmiúcháin Intinne, a bheidh mar aoichainteoir ag an ócáid. Tá an-aithne ar Chiana i saol an spóirt agus príomhdhuaiseanna an chomórtais tugtha léi don liathróid láimhe. Tá cáilíocht bunleibhéil bainte amach aici sa tSíceolaíocht Spóirt in Ollscoil Mhinnesota.
Beidh deis ag na buaiteoirí an dá rannóg ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú €1,000 iad, i dtaca le Corn Gael Linn a thabhairt leo ag Craobh na hÉireann.
Seo a leanas na socruithe don dá dhíospóireacht:
Ionad : Óstán an Radisson Blu, Átha Luain, Co. Na hIarmhí
Dáta : Dé Céadaoin, 23 Márta 2022 Am: 5 i.n.
5 i.n. - Sóisear
Foireann A: Clochar Loreto, Leitir Ceanainn (i bhfabhar an rúin)
Foireann B: Coláiste Belvedere, Sráid an Danmhairge Mór (i gcoinne an rúin)
Foireann C: Mainistir Loreto Deilginis (i bhfabhar an rúin)
Foireann D: Meánscoil na nUrsalach, Durlas (i gcoinne an rúin)
Rún: ‘Tá tionchar maith ag laochra spóirt ar an aos óg’
6.15 i.n. - Sinsear
Foireann A: Coláiste Naomh Leoin, Ceatharlach (i bhfabhar an rúin)
Foireann B: Coláiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead (i gcoinne an rúin)
Foireann C: Coláiste Naomh Raifil, Baile Locha Riach (i bhfabhar an rúin)
Foireann D: Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach (i gcoinne an rúin)
Rún: ‘Tá comhar na gcomharsan fós lárnach inár sochaí’
Dóibh siúd nach mbeidh ábalta freastal ar an ócáid beidh na díospóireachtaí á chraoladh beo ar leathanach YouTube Gael Linn anseo: https://bit.ly/CraobhAnPhiarsaigh22
CRÍOCH
Tuilleadh Eolais: Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin, 087 057 8801 / ceithleann@gael-linn.ie