Comórtas Tráchtaireachta Gael Linn 2022
(I gcomhar le Nemeton Teoranta agus le CLG Páirc an Chrócaigh)
Don dara bliain as a chéile, tugadh deis iontach ar fáil do na daltaí ar fad amuigh ansin a bhíonn ag déanamh aithris ar Bhrian Tyers, Seán Bán Breathnach nó Micheál Ó Muircheartaigh a dtráchtaireacht féin a chur os comhar an phobail trí pháirt a ghlacadh i gComórtas Tráchtaireachta Gael Linn! Is comórtas aonarach atá anseo agus tá dhá rannóg sa gcomórtas: Rannóg A – do dhaltaí sóisearach (bunscoile) agus Rannóg B do dhaltaí sinsearach (meánscoile).
Cuireadh físeáin ar fáil dóibh, nach raibh aon fhuaim orthu, i gcomhar le Nemeton Teoranta, an comhlacht léiriúcháin teilifíse a bhíonn i mbun craolta ar chluichí CLG, agus Oifigeach na Gaeilge, Páirc an Chrócaigh ó Chraobh na hÉireann sa pheil (2011) idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí; Craobh na hÉireann san iomáint idir Gaillimh agus Luimneach (2018) agus Leathchraobh na hÉireann i bPeil na mBan (2021) idir Corcaigh agus An Mhí. Fágadh an cinneadh ag na hiomaitheoirí maidir le cé acu cluiche a dhéanfadh siad tráchtaireacht orthu. Cuireadh ainmneacha na n-imreoirí ar fáil ach fágadh faoin dtráchtaire a thráchtaireacht féin a thaifeadadh, bunaithe ar an aicsean a tharla sa 10 nóiméad deireanach sin / 5 nóiméad deireanach dóibh siúd a bhí cláraithe sa rannóg shóisearach.
Bhí an-tóir ar chomórtas na bliana seo, idir na rannóga uile. Dúirt Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir, Roinn na Scéimeanna, Gael Linn, go bhfuil comórtas den chineál seo thar a bheith tábhachtach do dhaoine óga an lae inniu go háirithe agus an suim a chuireann siad i gcluichí an Chumann Lúthchleas Gaeil. “Suíonn an Comórtas Tráchtaireachta isteach leis na haidhmeanna atá againn i Roinn na Scéimeanna Gael Linn agus táimid thar a bheith buíoch as an tacaíocht a thug Oifigeach na Gaeilge Pháirc an Chrócaigh dúinn. Tá an-tóir ar chraoladh na gcluichí le tráchtaireacht Gaeilge á bhuíochas don obair iontach a dhéanann Nemeton TV agus TG4”.
Bhí ócáid bronnadh na nduaiseanna ar siúl ar an gCéadaoin, 4 Bealtaine 2022, i bPáirc an Chrócaigh. Tugadh cuireadh dóibh siúd a bhí páirteach sa gcomórtas freastal ar an ócáid agus bhí moltóirí an chomórtais i láthair, áit ar fógraíodh buaiteoirí chomórtas na bliana seo. Is iad na tráchtairí aitheanta Dara Ó Cinnéide, Liam Mac a’Mhaoir, MacDara Mac Donncha agus Máire Ní Bhraonáin (a bhí ina bean an tí ar an ócáid), a bhí i mbun moltóireachta i mbliana agus bhí siad thar a bheith tógtha le caighdeán na bpíosa tráchtaireachta a fuair siad.
Bronnadh duaiseanna ar gach rannóg agus bhí duais amháin náisiúnta a bronnadh ar an iarracht is fearr as na hiontrálacha ar fad, is cuma cén rannóg ina mbeidh sé.
Is iad seo buaiteoirí Chomórtas Tráchtaireachta Gael Linn 2022:
RANNÓG SHÓISEARACH
An Chéad Áit: Seán Ó Fátharta - Scoil Éinne, An Spidéal
· Seic ar €200.
· 4 thicéad do mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
· 5 thicéad iontrála do chluiche Sraithe peile nó iománaíochta 2023 de rogha an bhuaiteora.
An Dara hÁit: Áine Ní Mhaoláin - Scoil Éinne, An Spidéal
· Seic ar €100.
· 4 thicéad do mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
· 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2021 de rogha an bhuaiteora.
An Tríú hÁit: Vincent Ó hUigínn - Gaelscoil an Chuilinn, Baile Átha Cliath 15
· Seic ar €50.
· 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2021 de rogha an bhuaiteora.
RANNÓG SHINSEARACH
An Chéad Áit: Tomás Ó hUigínn - Coláiste Pobail Ros Comáin
· Seic ar €200.
· 4 thicéad do mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
· 5 thicéad iontrála do chluiche Sraithe peile nó iománaíochta 2021 de rogha an bhuaiteora.
An Dara hÁit: Liam Ó Laoide - Coláiste Gonzaga, B.Á.C
· Seic ar €100.
· 4 thicéad do mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
· 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2021 de rogha an bhuaiteora.
An Tríú hÁit: Cillian Chiardha Ó Duibhir - Coláiste Rockwell
· Seic ar €50.
· 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2021 de rogha an bhuaiteora.
An Tríú hÁit: Ciara Ní Fhallúin - Meánscoil an Ghrianáin Mhuire, Átha Luain
· Seic ar €50.
· 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2021 de rogha an bhuaiteora.
DUAIS NÁISIÚNTA
Dara Ó Cualáin - Scoil Phobail Mhic Dara
· Seic ar €500
· Seal a chaitheamh i mbosca tráchtaireachta TG4 ag cluiche le linn Cluiche Sraithe 2023.
· 4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
· 5 ticéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2023 de rogha an bhuaiteora.
Agus clabhsúr á chur leis an ócáid, rinne Tomás Rua Ó Cadhla comhghairdeachas le buaiteoirí an chomórtais. Gabh sé buíochas leis na moltóirí, le Nemeton Teo. agus le Jamie Ó Tuama, Oifigeach Gaeilge an Chumann Lúthchleas Gaeil as a dtacaíocht leanúnach don chomórtas. Gabh sé buíochas chomh maith le Foras na Gaeilge as ucht a n-urraíocht ar an gcomórtas agus a gcuid tacaíochta do scéimeanna eile de chuid Gael Linn.
Tuilleadh eolais: Tomás Rua Ó Cadhla, tomasrua@gael-linn.ie / 087 7474927