Oifigeach Feidhmiúcháin, Gael Linn
Próifíl an Phoist:
Beidh an tOifigeach Feidhmiúcháin freagrach go príomha as eagrú scéimeanna oideachasúla de chuid Gael Linn i gcomhar leis an mBainisteoir.
Cáilíochtaí Riachtanacha:
- Líofacht Gaeilge agus Béarla idir labhairt agus scríobh
- Eolas agus tuiscint ar earnáil na Gaeilge
- Ardscileanna ríomhaireachta agus taithí ar na meáin sóisialta
- Cumas obair as a stuaim féin agus obair mar bhall d’fhoireann
- Scileanna agus taithí bhainistíocht thionscadail agus scileanna cumarsáide
- Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr.
Ar na freagrachtaí tá:
- Réamhphleanáil agus gach socrú a dhéanamh ar imeachtaí de chuid Gael Linn ar nós babhtaí díospóireachta, réamhbhabhtaí agus Craobh Scléip, Féilte Peile do bhunscoileanna, féilte Coirm, imeachtaí don 3ú leibhéal srl.
- Bheith gníomhach ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh gréasáin Gael Linn.
Sprioc le haghaidh iontrála: 1 Iúil 2022
Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2 Beidh an tuarastal ar ráta Oifigeach Feidhmiúcháin, ciorclán 19/2021, céad pointe: €31,384
Tuilleadh Eolais - Máire Harris, maireh@gael-linn.ie, nó ag oifig Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
