Céadaoin, 14 Meán Fómhair 2022

Oíche Chultúir 2022 - Dé hAoine, 23 Meán Fómhair 2022

Oíche Chultúir 2022 - Dé hAoine, 23 Meán Fómhair 2022

Oíche Chultúir 2022

Dé hAoine, 23 Meán Fómhair 2022 @ 17:00

Abair Amhrán Linn -  Beo in Oifig Gael Linn – 35 Sráid an Dáma, BÁC


Tugann Gael Linn cuireadh daoibh uile a bheith linn in Oifig Gael Linn (35 Sráid an Dáma, BÁC) mar chuid de mhórcheiliúradh Oíche Chultúir 2022.

Beidh Clann Uí Chasaidigh inár dteannta ag cur seisiún amhránaíochta, ceoil agus siamsaíochta i láthair. Is cinnte go mbeidh neart spraoi againn agus muid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe ag canadh amhráin cáiliúla i nGaeilge a d’fhoghlaim muid ar scoil.

Beidh deis ag an bpobal nach féidir leo taisteal go Baile Átha Cliath páirt a ghlacadh sa spraoi chomh maith mar go ndéanfar craoladh beo ar an ócáid ar leathanach Facebook Gael Linn agus ar chainéal YouTube Gael Linn. Cuirfear nasc ar fáil níos gaire den ócáid. 

Cuirfear focail na n-amhrán ar fáil do gach a mbeidh i láthair.

Bígí linn in Oifig Gael Linn d’Oíche Chultúir 2022 agus muid ag déanamh ceiliúradh ar an gceol agus ar an gcultúr Gaelach le Clann Uí Chasaidigh.

Fáilte roimh chách!