Céadaoin, 02 Samhain 2022

Craobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2022

Craobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2022

Craobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2022

Eagraithe i gcomhar le hEímear Nig Oireachtaigh, Comhordaitheoir na Mac Léinn, Conradh na Gaeilge, agus le hOireachtas na Gaeilge.

 

 

Reáchtálfar Craobh Díospóireachta Gael Linn do mhic léinn tríú leibhéal ag 3.00i.n. ar an Satharn seo, 5 Samhain, mar chuid d’fhéile an Oireachtais. Is sa mBálseomra in Óstán an Gleneagle a bheidh sé ar siúl. Craolfar an díospóireacht beo ar YouTube Gael Linn (cliceáil anseo). Bíonn an ócáid seo ar cheann de bhuaicphointí na féile ag Oireachtas na Samhna gach bliain. Cuireann muid fáilte roimh chách freastal air.

 

Tá an-áthas orainn go mbeidh an láithreoir raidió agus teilifíse Séamus Ó Scanláin linn agus gurb é a bheidh ina chathaoirleach ar an díospóireacht. Is é rún na bliana seo ná: ‘Tá todhchaí na teanga ag brath ar na stáisiúin raidió agus teilifíse Gaeilge’.

 

Is iad seo a leanas na foirne a bheidh san iomaíocht agus iad ag súil leis an mbua a fháil:

 

Foireann A - Coláiste na Tríonóide (i bhfabhar)

Ruairí Ó Seanáin & Caoimhe Ní Mhaolaí

 

Foireann B - Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (i gcoinne)

Pádraig Ó hAiniféin & Méabh Ní Chonaill 

 

Foireann C – An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (i bhfabhar)

Fionn Ó Drisceoil & Kate Lawlor 

 

Foireann D – Ollscoil na Gaillimhe (i gcoinne)

Seán Ó Gallchobhair & Clíodhna Ní Mhianáin

 

Mar aon le gach bliain eile, beidh duaischiste iontach le gnóthú ag na foirne a thagann sa chéad áit agus sa dara háit. Fógróidh na moltóirí na buaiteoirí ar an oíche. Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times ar na buaiteoirí chomh maith le Bonn Óir an Oireachtais agus €150 an duine. Gheobhaidh an fhoireann a thiocfaidh sa dara háit Bonn Airgid an Oireachtais agus €75 an duine.

 

Bí linn Dé Sathairn, 5 Samhain ag 3.00i.n. d’ócáid mhór eadarcholáistí na bliana seo mar cheiliúradh ar fhéile an Oireachtais 2022!

Tuilleadh eolais:

 

Tomás Rua Ó Cadhla

 

tomasrua@gael-linn.ie       |           087 747 4927

Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. D02 H797