Tá Corn Gael Linn/The Irish Times ag dul siar go Gaillimh agus an bua i gCraobh Díospóireachta Tríú leibhéal Gael Linn 2022 ag foireann Ollscoil na Gaillimhe. Chuaigh cainteoirí Ollscoil na Gaillimhe, Seán Ó Gallchobhair agus Clíodhna Ní Mhianáin i bhfeidhm go mór ar na moltóirí Féilim Mac Donncha, Áine Hensey agus Caitríona Bhreathnach. Fuair siad ardmholadh as caighdeán a dteacht i láthair, saibhreas cainte, tuairimíocht agus a gcumas na pointí eolais a cuireadh orthu a fhreagairt go nádúrtha ina gcuid cainte.
Reáchtáladh an chraobh mar chuid d’fhéile Oireachtais na bliana seo in Óstán an Gleneagle i gCill Airne ar an Satharn, 5 Samhain 2022 ag 3i.n. Bhí na céadta mac léann as institiúidí tríú leibhéal i láthair lena dtacaíocht a thabhairt do na foirne. An rún a bhí faoi chaibidil ná ‘Tá todhchaí na teanga ag brath ar na stáisiúin raidió agus teilifíse Gaeilge’. Craoladh an ócáid beo ar YouTube Gael Linn chomh maith (féach anseo).
Tá an comórtas seo á eagrú le blianta anuas ag Gael Linn i gcomhar le Comhordaitheoir na Mac Léinn, Conradh na Gaeilge, Eímear Nig Oireachtaigh agus le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac foirne ó choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre páirt i réamhbhabhtaí níos luaithe i mí Dheireadh Fómhair 2022. As na réamhbhabhtaí sin roghnaíodh ceithre fhoireann le páirt a ghlacadh sa chraobh: Coláiste na Tríonóide; An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; Ollscoil na Gaillimhe.
Is é Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn a bhí ina fhear an tí ar an ócáid agus chuir sé fáilte mhór roimh aoi-chainteoir agus cathaoirleach na díospóireachta, Séamus Ó Scanláin, láithreoir raidió agus teilifíse. Mhol Séamus na foirne uile go hard as a gcuid sáriarrachtaí, a sárchumas taighde agus mhol sé cé chomh stuama, cruinn agus beacht a bhí a gcuid argóintí uile. Thug sé léargas cuimsitheach ar a shaol féin san earnáil ó bhí sé seacht nó ocht de bhlianta go ndeachaigh sé tríd an scoil agus é i mbun staidéir ar na meáin chumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua. Tá Séamus anois ag obair mar láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bíonn sé le feiceáil ar an scáileán go minic ar TG4 agus é ina chomhláithreoir ar Glór Tíre. D’fhág sé teachtaireacht ríthábhachtach leo siúd a bhí ag an ócáid – lean mian do chroí. Fiú mura bhfuil sé éasca sin a dhéanamh, má tá rud éigin i ndán duit tiocfaidh sé leat.
Labhair Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach, Gael Linn ag an ócáid agus ghabh sé buíochas le Conradh na Gaeilge agus le Foras na Gaeilge as ucht gach cabhair agus tacaíocht a thabhairt do Gael Linn an comórtas seo a reáchtáil ar ardchaighdeán gach bliain. Ghabh sé buíochas speisialta thar cheann Gael Linn le cathaoirleach na díospóireachta, Séamus Ó Scanláin, as ucht an léargas iontach a thug sé do gach a raibh i láthair ar an earnáil áirithe a bhí faoi chaibidil agus mhol sé an sampla iontach atá ina chuid oibre féin do na mic léinn tríú leibhéil.
Bronnadh Corn Gael Linn/The Irish Times, mar aon le seic €150 an duine agus Bonn Óir an Oireachtais ar na buaiteoirí, Seán Ó Gallchobhair agus Clíodhna Ní Mhianáin ó Ollscoil na Gaillimhe. Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a tháinig sa dara háit, agus bronnadh seic €75 an duine, mar aon le Bonn Airgid an Oireachtais, ar na cainteoirí Pádraig Ó hAiniféin agus Méabh Ní Chonaill.
CRÍOCH
Tuilleadh eolais: Tomás Ó Cadhla 087 7474927