Luan, 14 Samhain 2022

Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2022 buaite ag Óstaí an Rí!

Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2022 buaite ag Óstaí an Rí!

Reáchtáladh craobhchomórtas Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2022 sna Ceithre Chúirt ar an Aoine, 11 Samhain 2022, agus is é Caoimhín Ó Ceallaigh, Óstaí an Rí, a tháinig sa chéad áit!

Is in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, atá an comórtas seo á reáchtáil ag Gael Linn agus ba é seo an cúigiú craobh is fiche de chuid an chomórtais. Deis iontach í do mhic léinn dlí, a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge, barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta.

Reáchtáladh réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí maidin Dé hAoine, áit a bhfuair na hiomaitheoirí deis an-oiliúint a fháil ó na moltóirí agus bhí ardchaighdeán i measc na n-iomaitheoirí uile. Roghnaíodh dhá fhoireann ó na réamhbhabhtaí le dul tríd go dtí an chraobh - Óstaí an Rí (don Achomharcóir) agus An Coláiste Ollscoile, BÁC (Freagróir) - áit ar bhuail siad lena chéile leis an gcás á phlé an tráthnóna céanna.

Bhí an chraobh ar siúl sna Ceithre Chúirt ag 5i.n., leis An tOnórach Nuala de Buitléir, Breitheamh den Chúirt Achomhairc; A hOnóir Sinéad Ní Chúlacháin, Breitheamh den Chúirt Chuarda agus An tUasal Cormac Ó Dúlacháin, Abhcóide Sinsearach ar an mbinse mar bhreithiúna. Bhí ríméad ar an mbuaiteoir, Caoimhín Ó Ceallaigh ó Óstaí an Rí nuair bronnadh buantrófaí Gael Linn agus duais airgid de €600 air. Is iad Shane Mac Amhlaoibh agus Sadhbh Ní Ghráda ó An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a tháinig sa dara háit agus bronnadh duais airgid de €300 orthu. 

Ghlac Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buíochas leis na hAbhcóidí Cormac Ó Dúlacháin, Alice Maguire-Spencer agus Cillian McGovern a chuidigh le reáchtáil na hócáide agus a bhí ar fáil chun cabhair agus comhairle a thabhairt do na foirne le seachtainí anuas.  Mhol sé freisin an comhoibriú a fhaigheann Gael Linn ó Óstaí an Rí agus ón tSeirbhís Chúirteanna, a chuireann áiseanna den scoth ar fáil don chomórtas ó bhliain go chéile agus dúirt sé go raibh Gael Linn ag súil go mór le hócáid na bliana seo chugainn sna Ceithre Chúirt do Chraobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh 2023!

CRÍOCH

Tuilleadh Eolais: Tomás Rua Ó Cadhla, 087 7474927 / tomasrua@gael-linn.ie