Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais don phost thuasluaite. Beidh an té a cheapfar freagrach as reáchtáil scéim Gaelbhratach ar leibhéal na bunscoile.
Príomhdhualgais an Phoist:
- Ceardlanna a eagrú leis na scoileanna, idir cheardlanna faoi riaradh na scéime agus cheardlanna ar mhúineadh na Gaeilge do na múinteoirí
- Cuairteanna tacaíochta a thabhairt ar na scoileanna
- Tuairiscí a chur ar fáil faoi dhul chun cinn an tionscadail agus freastal ar chruinnithe coistí éagsúla de réir mar is gá
- Tacú leis na scoileanna trí spreagadh a thabhairt do na múinteoirí agus smaointe cruthaitheacha a roinnt leo
- Bunachar na scoileanna a riar agus a choinneáil chun dáta
- Plé a dhéanamh le baill foirne ó pháirtithe leasmhara chun go mbeidh said oilte mar is ceart agus iad i mbun cuairteanna ar scoileanna
- Monatóireacht a dhéanamh ar obair na scoileanna chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le spriocdhátaí agus tacú leo de réir mar is cuí
- Na socruithe cuí a dhéanamh chun ócáidí bronnta a eagrú
- Comhoibriú leis an Oifigeach Tionscadail ar an dara leibhéal agus baill eile foirne
- Plean do na meáin shóisialta a leagan amach i gcomhar leis an Oifigeach Tacaíochta
Riachtanais don Phost:
Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
· Tiomantas don Ghaeilge agus taithí ábhartha maidir lena cur chun cinn
· Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide
· Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
· Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
· Cumas obair le foireann agus as a stuaim féin araon
Critéir Inmhianaithe
· Cur amach ar Canva, Photoshop srl.
· Tuiscint mhaith ar na meáin shóisialta
· Scileanna cur i láthair
Tuarastal ar raon Oifigeach Feidhmiúcháin (€27,707 go €48,358).
Spriocdháta le haghaidh iarratais: 5pm 12 Eanáir 2023
Foirm iarratais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie