Domhan Mór na Gaeilge – feachtas nua seolta le go mbeidh páistí faoidhraíocht ag na deiseanna a osclóidh foghlaim na Gaeilge dóibh
Ag éirí as buarthaí a léirigh An Gréasán i litir chuig an aireoideachais ag an am, Michelle McIlveen, ar an 7/10/21, seoladh feachtas úr lego mbeidh páistí faoi dhraíocht ag na deiseanna a osclóidh foghlaim na Gaeilge dóibh. In Aonach Mhacha, Cathair ArdMhacha, a seoladh an feachtas seo. Is féidir leis an litir a cuireadh chuig an aire oideachais a fháil ag: https://bit.ly/DMnaG3.
Is feachtas é Domhan Mór na Gaeilge atá tiomanta ag an charachtar Bricriú a bhfuil sé d’aidhm aige nascadh le páistí óga agus lena dtuismitheoirí lena spreagadh i dtreo rogha na Gaeilge. Tá an feachtas urraithe ag Foras na Gaeilge agus á fhorbairt ag Creative Workers Co-Operative agus Gael Linn do An Gréasán. Caitheann Domhan Mór naGaeilge solas ar chuid de na míthuiscintí a bhaineann leis an Ghaeilge sa chóras oideachais ó thuaidh.
Tá sé d’aidhm ag Domhan Mór na Gaeilge na deiseanna a bhaineann leis an Ghaeilge a léiriú agus a cheiliúradh. Tchítear, san fheachtas seo, cé chomh mór agus atá ‘Domhan Mór na Gaeilge’ agus cé chomh mór agus atá an domhan sin ó thaobh deiseanna de. Chuige sin, tá sé d’aidhm ag an fheachtas níos mó dalta scoile, in Earnáil an Bhéarla, a mhealladh le freastal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht agus le líon na ndaltaí, in Earnáil an Bhéarla, atá ag tabhairt faoin Ghaeilge ag GCSE a ardú.
Feachtas ardaithe feasachta é Domhan Mór naGaeilge le tuiscint níos fearr ar an Ghaeilge, na buntáistí a bhaineann léiagus na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge a léiriú. Rachaidh an feachtas seo i bhfeidhm ar pháistí idir 10 - 12 bliain d’aois agus iad ag aistriú ón bhonn leibhéal chuig an darna leibhéal, uair a iarrfaidh cuid de na scoileanna ar dhaltaí teanga amháin a roghnú.
Cuireann an feachtas seo in iúl nach bhfuil aon stráitéis do theangacha i dTuaisceart na hÉireann san am i láthair agus go bhfuil dréacht-straitéis ar an tseilf le níos mó ná deich mbliana anuas.
DEIREADH
Le níos mó eolais a fháil, téigh i dteagmháil le Séamas MacEochaidh (Oifigeach Polasaí Oideachais le Gael Linn) ag 07923 444 890 nó ag seamas@gael-linn.ie
Tá na beochana ar fáil ag: https://youtube.com/playlist?list=PLNZZAqrMZ_zDKu6ytU7CN0QE-rMP4JW1m
Gael Linn
Bunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a fhorbairt chun leas na Gaeilge. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimsí polasaí agus pobail,mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tacú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta. www.gael-linn.ie