Máirt, 10 Eanáir 2023

Comhbhrón Gael Linn ar bhás Shéamuis Uí Bheaglaoich

Comhbhrón Gael Linn ar bhás Shéamuis Uí Bheaglaoich

(English Translation below)

Is méala mór do Bhord agus d’fhoireann Gael Linn bás Shéamuis Uí Bheaglaoich. Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann agus dá chairde. 


As Gaeltacht Chorca Dhuibhne do Shéamus Ó Beaglaoich. Ba ghnáth leis a bheith ag ceol sa samhradh i mBaile na nGall do na cuairteoirí. Níos déanaí, chuir pobal i bhfad níos líonmhaire aithne air ón raidió agus ón teilifís mar amhránaí agus mar cheoltóir.  Feirmeoir Gaeltachta fosta a bhí i Séamus agus bhí an ceangal sin lena dhúiche féin go mór chun tosaigh ina chuid ceoil agus san amhránaíocht aige. Teaghlach an-dlúth iad muintir Uí Bheaglaoich ar dhaingnigh an ceol an muintearas eatarthu.


Bhí ról lárnach ag Séamus ag cruthú na fuaime sin a aithnítear le Gaeltacht Chiarraí agus é ag seinm ar an bhosca ceoil agus ag canadh. Mar oirfideach iontaofa traidisiúnta bhí tóir mhór air anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. D’fhan sé dílis i gcónaí dá bhaile dúchais, Baile na bPoc.


Bhí áthas ar Gael Linn dhá albam leis lena dheirfiúr, Máire, An Ciarraíoch Mallaithe (1973) agus Plancstaí Bhaile na bPoc (1989) a fhoilsiú agus é sin a atáirgeadh ar DD níos moille.

 

Dúirt, Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Bhord Gael Linn, ‘Tá caidreamh fada ag Gael Linn le Séamus agus le Muintir Uí Bheaglaoich agus ardmheas againn ar a ndearna Séamus le ceol dúchasach na hÉireann a chur chun cinn anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Ní beag an tionchar a bhí aige ar cheol agus ar amhránaíocht dhúchasach na tíre seo. Bhí tallann as cuimse aige, tallann a roinn sé fá chroí mhór mhaith. Tá muid go léir faoi chomaoin mhór aige as an taisce dúchais a d’fhág sé ina dhiaidh.’



Condolences from Gael Linn on the Death of Séamus Ó Beaglaoich

 

The Bord and staff of Gael Linn are deeply saddened by the death of Séamus Ó Beaglaoich. We send heartfelt condolences to the family and friends of Séamus at this time.

From the Corca Dhuibhne Gaeltacht, Séamus played a central role in creating a unique sound that is identified with the West Kerry Gaeltacht through his musicianship and singing. He began by playing and singing for visitors to Baile na nGall and later gained wide recognition from radio and TV for his music and singing. Gael Linn is very pleased to have published two LPs featuring Séamus and his sister, Máire, An Ciarraíoch Mallaithe in 1973 and Plancstaí Bhaile na bPoc in 1989 and which were later made available on CD. As an authentic performer of his genre Séamus was a much sought after traditional artist in Ireland and internationally. He remained, nevertheless, very much a man from Baile na bPoc.

Pádhraic Ó Ciardha, the Chairman of Gael Linn’s Board said, ‘Gael Linn has a long connection with Séamus Ó Beaglaoich and his family. We hold great respect for what Séamus accomplished in the playing and promotion of traditional Irish music in Ireland and on an international stage. His influence on Irish music and singing has been great. Séamus possessed a huge talent which he shared generously. We are greatly indebted to him for leaving us a rich store of traditional music.’ 

 

Suaimhneas Síoraí ar a anam uasal.

www.gael-linn.ie