English translation below:
Tá fáilte is fiche romhainn uilig isteach chuig Teach Teidí, an taifead is úire ar lipéad Gael Linn! Téann muid go tír na samhlaíochta i dteannta Teidí, áit a mbeidh Bricfeastasár, Foghlaí Mara, Capall Draíochta agus neart carachtar eile ar bís le bualadh linn! Foghlaimeoidh muid amhráin agus rannta spraíúla atá nuachumtha go grámhar ag Sadhbh Rosenstock.
Is cumadóir, scríbhneoir amhrán, múinteoir bunscoile agus údar as Baile Átha Cliath í Sadhbh. D'eisigh Gael Linn an taifead Picnic Teidí léi sa bhliain 2020.
Tá ríméad ar Shadhbh a bheith ag obair le Gael Linn arís i mbliana ar an eisiúint nua seo, Teach Teidí. Iontach an scéal é go bhfuil Teidí agus a chlann ar ais arís le tuilleadh eachtraí agus beidh spórt is spraoi ag gach éinne i dTeach Teidí! Yipí!
Nach álainn an pacáistiú atá déanta ar an taifead seo maisithe go seoigh ag Ciara Ní Dhuinn.
Beidh amhráin agus rannta an taifid álainn seo á chanadh go meidhreach sa charr, sa seomra ranga, amuigh faoin aer nó i dtithe ar fud na tíre sna blianta atá romhainn amach.
Tá Teach Teidí ar fáil ó www.gael-linn.ie eolas@gael-linn.ie +353 (1) 6751200
nó ar na hardáin dhigiteacha.
Teach Teidí by Sadhbh Rosenstock Gael Linn www.gael-linn.ie
Great anticipation awaits all guests in Teach Teidí, the latest recording on the Gael Linn label.
Teidí and his family invite us into their house this time and transport us to a land of imagination. Listeners join in with the teddies on their adventures of brand new, fun-filled songs and rhymes composed with inspired joy by Sadhbh Rosenstock.
Sadhbh is a composer, songwriter, primary school teacher and author from Dublin. She is delighted to collaborate again with Gael Linn on Teach Teidí after the success of Picnic Teidí in 2020.
And what a beautifully produced package with illustrations from the amazing talent of Ciara Ní Dhuinn.
The songs and rhymes on this beautiful album will be sung in the car, in the classroom, outside and in houses for many years to come. Time now to join Teidí and his family for fun and games! Yipee!
Teach Teidí is available from www.gael-linn.ie eolas@gael-linn.ie +353 (1) 6751200
or on digital platforms.