Craobh na hÉireann, Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2023
Dé Céadaoin, 25 Eanáir 2023 – Óstán na Páirce, An Muileann gCearr, N91 A4EP.
Ar an gCéadaoin, 25 Eanáir 2023, tabharfaidh foirne díospóireachta ó scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Óstán na Páirce, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.
Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí níos mó foirne ag glacadh páirte sa gcomórtas ó thús an scoilbhliain seo ná mar a bhí aon bhliain eile. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Bliain mhór é 2023 do Gael Linn agus an eagraíocht ag comóradh 70 bliain a bhunaíodh í. Tá an-áthas orainn go mbeidh Craobh Díospóireachta Uí Chadhain ar an chéad mórimeacht againn i mbliana agus an cháil atá ar dhíospóireachtaí Gael Linn ó na 1960idí.
Dhá dhíospóireacht, Sóisear agus Sinsear, a bheidh ann ar an gCéadaoin beag seo agus is é Ailbhe Ó Monacháin, Tuairisceoir an Iarthuaiscirt le Nuacht RTÉ/TG4 a bheidh mar aoichainteoir ag an ócáid. Tá sean taithí ag Ailbhe ar chomórtais díospóireachta Gael Linn mar gur ghlac sé féin páirt iontu ina óige agus é ag freastal ar Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Is cúis áthais do Gael Linn é a bheith linn toisc gur éirigh leis féin agus a fhoireann an phríomhdhuais a thabhairt leo sa bhliain 1986!
Beidh deis ag na buaiteoirí ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú €1,000 an ceann iad, i dtaca le Corn Uisne i Rannóg na Sóisear agus Corn Gael Linn i Rannóg na Sinsear, a thabhairt leo ag Craobh na hÉireann.
Seo hiad na socruithe don dá dhíospóireacht agus beidh fáilte mhór roimh an bpobal.
Ionad : Óstán na Páirce, An Mhuileann gCearr (The Mullingar Park Hotel), N91 A4EP.
Dáta : Dé Céadaoin, 25 Eanáir 2023 Doirse: 4.45 i.n.
5.00 i.n. – Sóisear
Foireann A: Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Cill Mhantáin
Foireann B: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Ciarraí
Foireann C: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Gaillimh
Foireann D: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Gaillimh
Rún: ‘Is í an eisimirce an rogha is fearr d’aos óg na tíre seo faoi láthair’.
6.00 i.n.- Sinsear
Foireann A: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Gaillimh
Foireann B: Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Loch Garman
Foireann C: Coláiste Oiriall, Muineachán
Foireann D: Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Cill Mhantáin
Rún: ‘Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ag cosaint an daonlathais’.
Dóibh siúd nach mbeidh in ann freastal ar an ócáid beidh na díospóireachtaí á chraoladh beo ar chainéal YouTube Gael Linn.
CRÍOCH
Tuilleadh Eolais:
Lauren Ní Mhaoileanaigh, 087 057 8801 / lauren@gael-linn.ie