Tá Corn Uisne ag dul siar ar an gCeathrú Rua agus beidh Corn Gael Linn ag tabhairt aghaidh ar an tInbhear Mór!
Bhí argóintí láidre le cloisteáil ag gach a bhí i láthair ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ar an gCéadaoin, 25 Eanáir 2023 in Óstán na Páirce, An Muileann gCearr agus cainteoirí thar a bheith cumasacha ar an ardán ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar lucht an fhreasúra.
Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus níos mó scoileanna ná riamh páirteach ó thús na scoilbhliana seo. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Is bliain mhór é do Gael Linn agus muid ag ceiliúradh 70 bliain ó bunaíodh an eagraíocht. Bhí an-áthas orainn gurb é Craobh Uí Chadhain an chéad mórimeacht den bhliain agus an-cháil ar dhíospóireachtaí Gael Linn ó na 1960idí.
Sa chraobh shóisearach phléigh na foirne an rún ‘Is í an eisimirce an rogha is fearr d’aos óg na tíre seo faoi láthair’. Bhí cainteoirí ó Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór; Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal páirteach. Sa chraobh shinsearach bhí Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal; Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh; Coláiste Oiriall, Muineachán; Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór. An rún a bhí faoi chaibidil acu sin ná ‘Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ag cosaint an daonlathais’.
Painéal de chúigear moltóir a bhí i láthair ar an oíche, Fergus Ó Conghaile, Máirín Bn Uí Mhuirí, Áine Ní Ghlinn, Liam Mac an Mhaoir agus Giollaíosa Ní Mhaonaigh agus tar éis díospóireacht fhada eatarthu féin roghnaigh siad Méabh Ní Ghionnáin, Caoimhe Ní Chúinn agus Neans Nic Dhonnacha as Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua mar bhuaiteoirí ar Chraobh na Sóisear agus Andrea Ní Fhearáil, Alex Connor Muntean agus Rónán Ó hIcí as Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór mar bhuaiteoirí ar Chraobh na Sinsear. Mhol siad na cainteoirí go hard na spéire as an gcaighdeán a léirigh siad.
Is é Ailbhe Ó Monacháin, Tuairisceoir an Iarthuaiscirt le Nuacht RTÉ/TG4 a bhí ina aoichainteoir ag an ócáid. Tá sean taithí ag Ailbhe ar chomórtais díospóireachta Gael Linn mar gur ghlac sé féin páirt iontu ina óige agus é ag freastal ar Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Is cúis áthais do Gael Linn go raibh sé linn toisc gur éirigh leis féin agus a fhoireann an phríomhdhuais a thabhairt leo sa bhliain 1986.
Bronnadh buanchorn agus dearbháin de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas, agus bronnadh dearbháin de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach san ócáid.
Agus é ag tréaslú leis na duaiseoirí, dúirt Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn, go raibh sé an-tógtha le caighdeán na ndíospóireachtaí arís i mbliana. Mhol sé an sár-obair réamhullmhúcháin a bhí déanta ag na foirne uile agus ghlac sé buíochas leis na múinteoirí a thug gach treoir agus tacaíocht dóibh i rith an chomórtais. “Tá caighdeán an chomórtais ag fás gach uile bliain agus tá sé thar a bheith soiléir go gcuirtear go leor oibre isteach sna réamhullmhúcháin babhta i ndiaidh babhta. Tá muid ag súil go mór le Comórtas Uí Chadhain na bliana seo chugainn mar nach bhfuil aon dabht ann ach go bhfeicfear fás agus forbairt na foirne arís”.
Dúirt sé freisin go bhfuil Gael Linn go mór faoi chomaoin ag na múinteoirí a réitíonn na foirne bliain i ndiaidh bliana as a ndúthracht agus a ndílseacht don chomórtas.
Is féidir breathnú siar ar Craobh Díospóireachta Uí Chadhain 2023 YouTube Gael Linn (cliceáil anseo).
CRÍOCH
Tuilleadh eolais:
Lauren Ní Mhaoileanaigh, 087 057 8801 / lauren@gael-linn.ie