Bhí scothna siamsaíochta i measc na hóige ag Craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2023 ad’eagraigh Gael Linn Dé Máirt, 31 Eanáir 2023, in Amharclann an Clasach imBaile Átha Cliath.
Tá ancomórtas tallainne spraíúil seo á reáchtáil ag Gael Linn do nahiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin, le béim ar an gceol agus ar nahamhráin Pop agus Rac chomh maith leis an rince cruthaitheach.
Tugadhdeis do cheoltóirí, d’amhránaithe agus do rinceoirí óga dul os comhair phainéalmoltóirí proifisiúnta in amharclanna ó cheann ceann na tíre roimh an Nollaig israith réamhbhabhtaí agus siad na buaiteoirí ó na babhtaí sin a bhí ar stáitsei gCluain Tarbh sa Chraobh.
Bhí líonmhór iomaitheoirí ar stáitse don chraobh arís i mbliana agus lucht tacaíochtafuinniúil leo!
Cuireadhtús an-chumachtach le comórtais an halla mór áit a raibh daltaí de chuid ColáisteEoin/Íosagáin; Gaelcholáiste Mhaigh Nuad; Scoil Chuimsitheach Chiaráin; Gaelcholáistean Phiarsaigh; Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Pobalscoil Chloich Cheann Fhaolaa snas féin ar amhráin aitheanta agus iad ag léiriú a gcuid scileannaamhránaíochta agus cóiréagrafaíochta sa gcomórtas Slua-Amhránaíochta.
Lean an spraoiar aghaidh le taispeántais iontacha ó dhaltaí Ghaelcholáiste Mhuire A.G;Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola; Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus GaelcholáisteCheatharlach sna rannóga Rince Cruthaiteach.
Ghlaciomaitheoirí eile ó na scoileanna thuasluaite páirt sa chomórtas AmhránaíochtAonair sa stíl Pop/Rac le fuaimrian tacaíochta chomh maith le scoláirí óGael-Choláiste Chill Dara; Gairmscoil Mhic Diarmada; Scoil Mhuire, Béal Átha ‘nGhaotharaidh agus Gaelcholáiste Luimnigh.
Agus nacomórtais sin ar bun i bpríomh-halla na hamharclanna bhí neart tallainne eilele feiceáil thíos staighre i Seomra Tom Corbett, áit a raibh na comórtaisAmhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac le féintionlacan agus Ceol Uirlise Aonairsa stíl Pop/Rac/Snagcheol ar bun agus i measc na hiomaitheoirí bhí daltaí ó ScoilChuimsitheach Chiaráin; Scoil Mhuire Béal Átha ‘n Ghaotharaidh; Pobalscoil GhaothDobhair; Gaelcholáiste Mhaigh Nuad; Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola; Gael-CholáisteChill Dara agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Canadh réimse leathan d’amhráin,idir amhráin aitheanta agus amhráin nua-chumtha.
Bhíceoltóirí cumasacha as Coláiste Pobail Osraí; Coláiste Cois Life, PobalscoilGhaoth Dobhair, Coláiste an Eachréidh, Gaelcholáiste Mhuire AG, Coláiste Oiriall,Gael-Choláiste Chill Dara, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Scoil Mhuire BéalÁtha ‘n Ghaotharaidh agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag léiriú taispeántaissa gcomórtas Ceol Uirlise Aonair.
I ndiaidham lóin, bhí atmaisféar dochreidte san amharclann don chomórtasPopghrúpa/Racghrúpa le féintionlacan. Bhí grúpaí páirteach ó Choláiste naTulchann, Coláiste Íde An Daingean, Coláiste na Carraige, Coláiste Pobail RáthChairn chomh maith le cinn eile ó scoileanna atá luaite cheana! Bhí fuinneamhagus spraoi i measc na ngrúpaí uile, rud a chuir an lucht féachana ar a gcosaagus a chuir deireadh spleodrach leis an lá. Is iad Tomás Rua Ó Cadhla,Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn, agus Barry Ó Síochrú a chuir an seói láthair i rith an lae agus bhí na hamhránaithe Niamh de Búrca, Eve Belle,Cian Mac Cárthaigh ó IMLÉ, Pádraig Jack Ó Flatharta, Liam Óg Ó hOistín agus anceoltóir Edel Ní Churraoin i mbun moltóireachta. Thugadar ardmholadh do phobalóg na Gaeilge as an chruthaitheacht agus an mhisneach a bhí léirithe acu.
Slua-amhránaíocht
An Chéad Áit:
‘AhCamáin!’, Gaelcholáiste Mhaigh Nuad
An Chéad Áit:
‘Na Spéirmhnáibh’,Pobalscoil Chorca Dhuibhne
RinceCruthaitheach: Grúpaí – Sóisear
An Chéad Áit:
‘Stuara’ Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach
An Dara hÁit:
‘Keely Ní Riain agus Nóra Nic Sheoin’, Gaelcholáiste MhuireA.G.
RinceCruthaitheach: Grúpaí – Sinsear
An Chéad Áit:
‘Le Chéile’, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
An Dara hÁit:
‘Fuinneamh’, Gaelcholáiste Cheatharlach
AmhránaíochtAonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le Tionlacan Ó Fhuaimrian Taca–Sóisear
An Chéad Áit:
Robyn Ní Dhiomsaigh, Gael-Choláiste Chill Dara
An Dara hÁit:
Eibhlín Ní Mháirtín, Gaelcholáiste Mhuire A.G.
AmhránaíochtAonair sa stí Pop/Rac/Rap, le Tionlacan Ó Fhuaimrian Taca–Sinsear
An Chéad Áit:
Niamh Ní Mhaolmhána, Gael-choláiste Chill Dara
An Dara hÁit:
Michael J Mac Pháidín, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola
AmhránaíochtAonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le féintionlacan– Sóisear
An Chéad Áit:
Corade Buitléir, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
An Dara hÁit:
Richard Ó Beacháin, Gaelcholáiste Mhaigh Nuad
AmhránaíochtAonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le féintionlacan – Sinsear
An Chéad Áit:
Eoin Ó Fearraigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
An Dara hÁit:
Colm Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
CeolUirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol – Sóisear
An Chéad Áit:
Joe Ó Gallachóir, Gael-Choláiste Chill Dara
An Dara hÁit:
Seth Ó Scannláin, Coláiste Pobail Osraí
CeolUirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol – Sinsear
An Chéad Áit:
Adam Ó Droighneáin, Coláiste Pobail Osraí
An Dara hÁit:
Tom Ó Néill, Coláiste Cois Life
GrúpaAmhránaíochta sa stíl Pop/Rac/Rap, le féintionlacan – Sóisear
An Chéad Áit:
‘NahOileánaigh’, Gael-Choláiste Chill Dara
An Dara hÁit:
“Fuadar”,Scoil Mhuire, Béal Átha ‘n Ghaotharaidh
GrúpaAmhránaíochta sa stíl Pop/Rac/Rap, le féintionlacan – Sinsear
An Chéad Áit:
‘NaDonnies’, Coláiste Pobail Osraí
An Dara hÁit:
‘AnHeics’, Coláiste Cois Life
Gradam SCLÉIP
(don mhír/taispeántas is fearr ag Craobh Scléip 2023)
‘NaDonnies’, Coláiste Pobail Osraí
Gradam NÓS
(don amhrán nua-chumthais fearr ag Craobh Scléip 2023)
Eibhlín Ní Mháirtín, Gaelcholáiste Mhuire A.G.
Bhí an-áthas ar Gael Linn go raibh foireann Molscéal TG4i láthair ar an lá ag déanamh craoladh beo ar chomórtais an lae ar leathanachFacebook Molscéal. Tá naisc thíos de na craoltaí beo atá ar leathanach YouTubeGael Linn.
Bhí Kinia i láthair chomh maith agus beidh siad agtabhairt cuireadh do bhuaiteoirí Chraobh Scléip 2023 a bheith páirteach igceolchoirm TechFéile a bheidh ar siúl i mí Mhárta 2023! Beidh siad ag déanamh taifeadadhfuaime agus físe d’amhráin bhuaiteoirí Gradam Scléip agus Gradam NÓS chomhmaith agus muid ag súil go mór iad a fheiceáil! Tá Gael Linn thar a bheithbuíoch as an deis comhoibriú seo leo.
Thar ceannGael Linn, mhol Tomás Rua Ó Cadhla na múinteoirí díograiseacha a spreag nascoláirí le bheith páirteach sna comórtais éagsúla agus dúirt sé go raibh GaelLinn an-sásta leis an ardchaighdeán den chomórtas sna réamhbhabhtaí agus sagCraobh á bhuíochas as an méid oibre agus ullmhúcháin a chuireann siad isteachsna míreanna a bhíonn acu. Is léir go mbíonn a gcroí agus a n-anam snataispeántais! Ghlac sé buíochas freisin le Foras na Gaeilge as ucht adtacaíocht leanúnach don chomórtas.
Is féidirbreathnú siar ar Craobh Scléip 2022 ar na naisc thíos.
CRÍOCH
Tuilleadh eolais:
Mairéad NíNeachtain, 087 3593957 / maireadn@gael-linn.ie