Déardaoin, 09 Márta 2023

Albam P J Hernon

Albam P J Hernon

(English Version Below)


Tá 45 bl. imithe ó d’fhoilsigh Gael Linn an t-albam nuálach eapainmneach le P J Hernon agus é ag seinm ar an mhileoidin agus ar an bhosca ceoil.

 

Cé gur ceoltóir il-bhuach uile-Éireann a bhí ann ba mar scéalaí óg 4 bl. d’aois a tháinig P J ar aire Gael Linn ar dtús. I Mí na Bealtaine 1956 roinn P J óg agus a athair ardán An Damer le Tomás Cheaite Breathnach agus oirfidigh eile ón Ghaeltacht. Séamus Ennis a bhí ina fhear tí. Thóg na hoícheanta seanchais seo a d’eagraíodh Gael Linn cultúr bríomhar na Gaeltachta chuig lucht féachana i mBaile Áth Cliath agus áiteacha eile sna 50í, 60í agus isteach sna 70í.

 

Ba i gCarna a rugadh P J agus bhí a theaghlach ar an dá thaobh ar maos sa cheol traidisiúnta. D’fhás P J aníos ina mháistir-cheoltóir agus ina mhúinteoir ceoil fosta. Spreag Mickey Berry, ceoltóir as Carna nach maireann, P J agus thacaigh leis fosta agus é ag foghlaim a cheird sa cheol. Sa bhliain 1973 bhain P J craobh uile-Éireann ar an mhileoidin ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag an Oireachtas. Dá thairbhe seo gan dabht bhí Gael Linn ag iarraidh go mór an ceoltóir cumasach uathúil seo a chur ar taifead ar a gcatalóg a bhí ag dul i méid ag an am. Thaifead P J ceirnín eile ar lipéad Gael Linn lena a dheartháir Marcas a bhí ag seinm ar an fheadóg mhór agus ar an fheadóg stáin.

 

Chaith P J 4 bl. ag seinm le Shaskeen. Tá sé ina chónaí i gCo. Shligigh, le blianta fada anois agus ceangal láidir aige ansin le hIonad Ceoil Michael Coleman agus é bainteach le tionscnaimh go leor leis an ionad óna thús.

 

D’imir P J tionchar mór ar an cheol traidisiúnta agus glúnta ceoltóirí sa tóir ar a shaibhreas dúchais mar fhoinse inspioráide.

 

Tá a dhlúthdhiosca ar fáil ar lipéad Gael Linn, www.gael-linn.ie agus ar ardáin dhigiteacha.


45 years have elapsed since Gael Linn released the ground-breaking eponymous album of P J Hernon playing melodeon and accordion.
 
Although he is a multi-All Ireland award-winning musician, it was as a 4 year old Irish language story teller that P J first came to the attention of Gael Linn. In May 1956 the very young P J and his father shared Dublin’s Damer stage with Tomás Cheaite Breathnach and other Gaeltacht performers with Seamus Ennis as ‘Fear a’ Tí’. These ‘Oícheanta Seanchais’ or Caberet Nights brought the living Gaeltacht culture to audiences in Dublin City and other places during the 50s, 60s and into the early 70s.
 
P J was born in Carna into a family steeped in traditional music on both sides. He went on to command renown as a musician and also as a music teacher. Early on he was encouraged and coached by another Carna musician, Mickey Berry, since passed on. In 1973 P J won an All-Ireland title on the melodeon at both the Oireachtas and Fleadh Cheoil na hÉireann. No doubt Gael Linn were keen to capture this obvious and authentic talent on vinyl to augment their growing traditional music catalogue. He recorded a subsequent album on the Gael Linn label with his brother Marcus who played flute and tin-whistle.
 
P J spent 4 years playing with Shaskeen. He has been living in Co Sligo, for many years and has close associations with the Coleman Music Centre and with many of the projects there since its beginnings. 
 
P J Hernon is an influential traditional musician with generations of box players seeking out inspiration from his deep well of tradition. His seminal album is available on CD from Gael Linn and also on digital platforms.