Domhnach, 26 Márta 2023

Brian Mac Aongusa iar-phríomhfheidhmeannach Gael Linn imithe ar shlí na fírinne

Brian Mac Aongusa iar-phríomhfheidhmeannach Gael Linn imithe ar shlí na fírinne

(English Translation below)

Is mór an méala é do Bhord agus d’fhoireann Gael Linn bás iar-phríomhfheidhmeannach na heagraíochta, Brian Mac Aongusa. Cuireann muid ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá theaghlach agus dá chairde agus iad faoi néal an bhróin i láthair na huaire. 

 

Chaith Brian ocht mbliana ina phríomhfheidhmeannach ar Gael Linn agus ba chomhalta é de Chuideachta na heagraíochta roimhe sin agus seal caite aige fosta ar Bhord Stiúrtha Gael Linn. Dar le cách ar fhoireann Gael Linn bhí scileanna idirphearsanta den chaigheán is airde ag Brian Mac Aongusa. Bhí an-ghean go deo ag foireann Gael Linn air mar chomhghleacaí agus mar chara. Bhí meas fosta ar a chumas agus ar a chur chuige mar cheannasaí cneasta, cuiditheach agus pragmatach. I mí Iúil 1988 a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach é agus d’éirigh sé as i 1996 le luí isteach ar a thaighde ar stair na n-iarnród rud a rinne sé go stuama dúthrachtach.

 

Dúirt, Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Bhord Gael Linn, ‘Bhí ardmheas againn uilig ar Bhrian. Duine é a raibh uaisleacht agus éirimiúlacht ag baint leis agus chuir sé a thaithí agus a thuiscint ar earnálacha eile leis agus ar fáil don eagras s’againne. Tá muid faoi chomaoin mhór aige as a dhíograis mar cheannasaí fadradharcach. Duine séimh agus lách a bhí ann a spreag idir croí & mheanma le scileanna tomhaiste ceannaireachta. Pearsa náisiúnta a bhí ann go cinnte agus chuir a rannpháirtíocht agus a thiomantas do chuile ghné dár gcuid oibre go mór le forbairt an eagrais i dtréimhse chinniúnach dúinn mar eagraíocht teanga agus chultúir ar fud an oileáin.’

 

Tá Gael Linn ag comóradh 70 bliain ár mbunaithe i mbliana agus luaitear ainm Bhriain Mhic Aongusa go mion is go minic orthu siúd a d’imir tionchar an-dearfach ar chur chun cinn misean agus luachanna na heagraíochta. 

 

Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.

 

 

Gael Linn deeply saddened by passing of Brian Mac Aongusa

 

The Board and staff or Gael Linn are deeply saddened by the passing of our former Chief Executive, Brian Mac Aongusa. We extend heartfelt condolences to his family and  friends at this difficult time.

 

Brian spent eight years as CEO of Gael Linn and was a member of the Board of Directors and a member of the general Advisory Body before that. The employees in Gael Linn all speak of Brian possessing truly great interpersonal skills. Staff were very fond of him as a colleague and as a friend. He was also respected for his capabilities and his approach as a conscientious and supportive leader who was at all times pragmatic. Appointed as CEO in 1988, he stepped down then in 1996 to pursue research on the history of railways in Ireland which he did assiduously.

 

Pádhraic Ó Ciardha, Chairman of Gael Linn, said, ‘We all held Brian in the highest regard. He was a true gentleman and highly erudite. He brought his experience and understanding from other sectors to the benefit of our own organisation. We are greatly indebted to him for his dedication as a visionary leader. Brian was gentle and generous. He inspired the hearts and minds of his team with his measured leadership skills. He was without doubt a national figure and his involvement in and passion for every aspect of our work led to great progress during challenging times for us as an all-Ireland language and cultural organisation.’

 

Gael Linn celebrates 70 years of our foundation this year and Brian Mac Aongusa’s name is often mentioned among those who contributed greatly to the development and implementation of the Gael Linn mission and values. 

 

Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.