Luan, 27 Márta 2023

Craobh na hÉireann, Comórtas Díospóireachta An Phiarsaigh 2023

Craobh na hÉireann, Comórtas Díospóireachta An Phiarsaigh 2023

Craobh na hÉireann, Comórtas Díospóireachta An Phiarsaigh 2023

Dé Máirt, 28 Márta 2023 – Óstán an Lucan Spa, Leamhcán, K78 X3H3

 

Ar an Mháirt, 28 Márta 2023, tabharfaidh foirne díospóireachta ó scoileanna éagsúla a ndéantar teagasc i mBéarla iontu ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Óstán an Lucan Spa, Leamhcán, Co. Áth Cliath chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta An Phiarsaigh.

Tá Comórtas An Phiarsaigh á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Bhéarla. Bhí líon mhór scoileanna cláraithe do chomórtas na bliana seo agus bhí siad páirteach i mbabhtaí ó mhí Dheireadh Fómhair. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Is bliain mhór í 2023 do Gael Linn agus an eagraíocht ag comóradh 70 bliain a bhunaíodh í.

Dhá dhíospóireacht, Sóisear agus Sinsear, a bheidh ann ar an Máirt seo agus is í An Dr Neasa Ní Chiaráin, Ollamh Cúnta le Teicneolaíocht Urlabhra & Teanga, Coláiste na Tríonóide, a bheidh mar aoichainteoir ag an ócáid. Tá sean taithí ag Neasa ar chomórtais díospóireachta Gael Linn mar gur ghlac sí féin páirt iontu ina hóige agus í ag freastal ar Choláiste Ráithín.

Beidh deis ag na buaiteoirí an dá rannóg ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú €1,000 iad, i dtaca le Corn Gael Linn a thabhairt leo ag Craobh na hÉireann. Seo a leanas na socruithe don dá dhíospóireacht agus beidh fáilte mhór roimh an bpobal.

Ionad : Óstán an Lucan Spa (The Lucan Spa Hotel), K78 X3H3.

Dáta : Dé Máirt, 28 Márta 2023        Doirse: 4.45 i.n.

 

5.00 i.n. – Sóisear                              

Foireann A: Meánscoil na Toirbhirte, Durlas, Co. Thiobráid Árainn

Foireann B: Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, Baile Átha Cliath

Foireann C: Méanscoil Loreto, Loch Garman, Baile na Gaoithe, Co. Loch Garman

Foireann D: Coláiste Ghearóid Naofa, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

Rún: ‘Tá cáil na hÉireann mar náisiún fáilteach tuillte againn’.

6.00 i.n.- Sinsear                                

Foireann A: Meánscoil Loreto, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Foireann B: Mainistir Loreto, Deilginis, Baile Átha Cliath.

Foireann C: Coláiste Belvedere, Baile Átha Cliath

Foireann D: Coláiste na Toirbhirte, An Mhairdíog, Cathair Chorcaí

 

Rún: ‘Is míbhuntáiste é ár spleáchas ar an teicneolaíocht in Éirinn’.

Dóibh siúd nach mbeidh in ann freastal ar an ócáid beidh na díospóireachtaí á chraoladh beo ar cainéal YouTube Gael Linn ANSEO

 

CRÍOCH

Tuilleadh Eolais:

Lauren Ní Mhaoileanaigh, 087 057 8801 / lauren@gael-linn.ie