Buaiteoirí Siansa 2023 – Binneas, Co. an Chláir!
Is go Contae an Chláir a chuaigh príomhdhuais Chraobh Siansa Gael Linn na bliana seo!
Bhí sár-oíche sa gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 2 Aibreán 2023, áit ar thug ocht ngrúpa de cheoltóirí agus d’amhránaithe óga cumasacha taispeántais ar ardchaighdeán agus iad san iomaíocht do dhuaischiste de €4,500. Ar deiridh, roghnaíodh an grúpa ‘Binneas’ arbh as Co. an Chláir dóibh mar churaidh náisiúnta agus bronnadh trófaí Gael Linn agus duais airgid de €2,500 orthu.
Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn ó 2002 i leith, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine, agus é ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre. Tá Craobh Siansa ar cheann de mhórimeachtaí na bliana agus ba phribhléid do Gael Linn go raibh aíonna mór le rá i láthair agus ceiliúradh 70 bliain ó bunaíodh an eagraíocht.
Is í Áine Hensey, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a rinne sárobair den chur i láthair ar an oíche agus rinne an stáisiún craoladh beo ar an raidió agus rinne Molscéal sruthú beo den ceolchoirm ar Facebook (nasc anseo). Chuir gach grúpa, ‘Binneas’, as Co. an Chláir; ‘Luath ar Maidin’, as Loch Garman; ‘Gaoiseach’, as Tiobraid Árainn; ‘Anord’, as Corcaigh; Giuirléidí’, as Port Láirge; ‘Armóin’, as Maigh Eo; ‘Saolach’ as Luimneach agus ‘Misneach’, as Co. Laoise taispeántas iontach os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair.
Bhí géariomaíocht eatarthu don duaischiste €4,500agus is ar na ceoltóirí iomráiteacha Niamh Ní Charra, Mark Ó Ceallaigh agus Declan Masterson a thit sé buaiteoirí chomórtas na bliana seo a roghnú. Bhí an-cheiliúradh i measc a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurb iad ‘Binneas’ as Co. an Chláir a thug leo an phríomhdhuais. Ochtar ceoltóir óga atá sa ghrúpa – Conchúr Parry, Eimear Nic Fhlannchadha, Ríona Ní Éilí, Evan Ó Cualáin, Caoimhe Parry, Jeaic Ó Duilín, Abhainn MacAnna agus Éimear Ní Laogharnáin. Bhí an meantóir, Killian Shannon, an-bhródúil astu!
Is siar go Contae Mhaigh Eo a chuaigh duais an dara háit agus bronnadh €1,250 ar Dara Ó Muráile, Méabh Ní Aoláin, Molly Pittendrigh, Cáit Ní Ghiolla Chainnigh, Aoibhín Ní Dhochartáigh, Marc Ó Boligéar, DIarmuíd Ó Fuada agus Tomás Ó Míolóid - baill an ghrúpa ‘Armóin’ arbh as bailte éagsúla i dtuaisceart Mhaigh Eo dóibh. Chuaigh an tríú háit síos go Luimneach chuig Áine Ní Shíocháín, Michéal Ó Fearghaile, Louis Ó Murchú, Adam Ó Dulaíoch, Eoin Mac an Bháird, Luighseach Pinsent, Liam Mac Giobúin agus Lucia Ní Mhurchú as an ngrúpa ‘Saolach’ agus bronnadh duais de €750 orthu.
Anuas air sin, fuair gach ceoltóir a bhí páirteach sa gCraobh duais chuimhneacháin.
Agus é ag cur fáilte mhór roimh aíonna speisialta na hoíche, An tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean Sabina, dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn:
‘Tá lúcháir ar Gael Linn go bhfuil an tUachtarán inár measc agus a bhean Sabina agus tá lúcháir speisialta orainn mar tuigeann muid go léir gur fear éigse é féin agus go mbeadh an-dúil aige sa cheol a bhí ar an ardán anocht’.
Chuir sé fáilte roimh Robert Heuston ón Irish Music Magazine, Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta agus roimh Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn.
Ghabh sé buíochas speisialta le Gearóid Mac Donncha agus le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta as a gcuid oibre uile i dtreo Craobh Siansa. Cuireann an comhoibriú seo go mór leis an gcomórtas agus ní bheadh Siansa ann murach an obair uile a dhéanann an raidió le tacú linn. Ghlac sé buíochas chomh maith le foireann Gael Linn a bhí i láthair ó gach carn den tír agus iad ag cabhrú leis an imeacht a reáchtáil.
Beidh léirithe na grúpaí uile a ghlac páirt i gCraobh Siansa Gael Linn 2023 le feiceáil ar YouTube Gael Linn go luath!
CRÍOCH
Tuilleadh eolais:
Mairéad Ní Neachtain, Gael Linn, maireadn@gael-linn.ie / 087 3593957