Máirt, 11 Aibreán 2023

Buaiteoirí Chraobh Díospóireachta an Phiarsaigh 2023

Buaiteoirí Chraobh Díospóireachta an Phiarsaigh 2023

Is iad foirne Choláiste Ghearóid Naofa, Caisleán an Bharraigh agus Coláiste Belvedere, Sráid na Danmhairge Móire, BÁC a thug leo príomhdhuaiseanna an chomórtais ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2023 ar an Mháirt, 28 Márta. Bhí an ócáid ghradamúil seo á reáchtáil ag Gael Linn in Óstán an Lucan Spa, Leamhcán. Ba é seo buaicphointe na bliana den chomórtas.

Tá Comórtas an Phiarsaigh á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu, agus bhí suas le 100 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Sa chraobh shóisearach phléigh na foirne an rún ‘Tá cáil na hÉireann mar náisiún fáilteach tuillte againn’. Bhí cainteoirí ó Meánscoil na Toirbhirte, Durlas; Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach; Meánscoil Loreto, Loch Garman agus Coláiste Ghearóid Naofa, Caisleán an Bharraigh páirteach. Sa chraobh shinsearach bhí daltaí as Meánscoil Loreto, Leitir Ceanainn; Mainistir Loreto, Deilginis; Coláiste Belvedere, Sráid na Danmhairge Móire, BÁC agus Coláiste na Toirbhirte, Corcaigh. An rún a bhí faoi chaibidil acu ná ‘Is míbhuntáiste é ár spleáchas ar an teicneolaíocht in Éirinn’.

Painéal de chúigear moltóir a bhí i láthair ar an oíche: Seosamh Ó hÉanaí, Máirín Ní Dhomhnaill, Féilim Mac Donnchadha, Máirín Bn Uí Mhuirí agus Fergus Ó Conghaile agus tar éis díospóireacht fhada eatarthu féin, roghnaíodh Pádraig Ó Gairbhith, Aodh de Búrca agus Féidhlim Ó Sé as Coláiste Ghearóid Naofa, Caisleán an Bharraigh ag caint i gcoinne an rúin mar bhuaiteoirí ar Chraobh na Sóisear agus is iad foireann Coláiste Belvedere, Sráid na Danmhairge Móire, BÁC, a thug leo an an príomhdhuais i gCraobh na Sinsear le Fionn Céitinn Mhic Diarmada, Oilibhéar Mac Lochlainn agus Odhrán Dioliún Ó Ceallaigh ag caint i bhfábhar an rúin. Mhol siad na cainteoirí go h-ard na spéire as a dteacht i láthair, a gcuid tuairimíochta agus as a saibhreas cainte. Dea-shampla de chuile rud a theastaíonn i ndíospóireacht!

Is é Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn, a bhí ina fhear tí ar an ócáid. Chuir sé na foirne uile in aithne agus thug sé fáilte mhór roimh an aoi cathaoirleach An Dr Neasa Ní Chiaráin. Is Ollamh Cúnta le Teicneolaíocht Urlabhra & Teanga í Neasa i gColáiste na Tríonóide agus bíonn sí ag déanamh staidéar ar chúrsaí teanga, úsáid an teicneolaíocht i múineadh na teanga agus cúrsaí foghraíochta. Ceann de na tograí is aitheanta atá idir láimhe aici ná abair.ie. Thug sí píosa cainte spreagúil don slua a bhí i láthair in Óstán an Lucan Spa. Mhol sí iad as a dteacht i láthair cumasach, a gcuid argóintí iontacha ar na rúin agus an saibhreas a bhí acu. Tá Neasa ag plé le forbairt ar chórais digiteacha leis an teicneolaíocht teanga a fheabhsú agus an cumas atá ag córas ríomhaireachta duine a thuiscint agus freagra cuimsitheach a thabhairt ar ais. Tá go leor dul chun cinn déanta sa réimse seo le blianta. Mhínigh sí dá mhéad sonraí a fhaigheann an córas digiteach is cruinne a bhíonn sé leis an t-eolas a thagann ar ais uaidh. Beidh go leor deiseanna sa réimse seo amach anseo leis na huirlisí cuí a fhorbairt agus ta béim ar leith á chur ar a leithéid a bheith forbartha do mhionteangacha. 

Rinne Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, comghairdeas leis na foirne uile a labhair ar an oíche. Mhol sé iad as an ardchaighdeán díospóireachta a bhí le feiceáil agus an taighde agus obair ullmhúcháin a rinne siad uile – bhí gach cainteoir ar an oíche thar a bheith cumasach.

Bronnadh buanchorn agus dearbháin de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas, agus bronnadh dearbháin de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach san ócáid. 

Agus é ag tréaslú leis na duaiseoirí, dúirt Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn, go raibh sé an-tógtha le caighdeán na ndíospóireachtaí arís i mbliana. Mhol sé féin an t-éacht mór a bhí bainte amach ag na foirne teacht chomh fada leis an gcraobh. Rinne sé comhghairdeas ach go háirithe le foireann Choláiste Ghearóid Naofa agus foireann Coláiste Belvedere as ucht príomhdhuaiseanna Chraobh na hÉireann na bliana seo a thabhairt leo. Ghlac sé buíochas speisialta le haoicainteoir na hoíche agus dar leis go mbeidh todhchaí geala roimh na cainteoirí uile a bhí in Óstán an Lucan Spa amach anseo.

Agus é ag cur clabhsúr leis an oíche, rinne sé comhghairdeas speisialta le Lauren Ní Mhaoileanaigh, riarthóir Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh. Thosaigh Lauren ag obair leis na díospóireachtaí i mí Lúnasa 2022 agus tá éacht mór déanta aici ó shin agus í ina céad bliain sa ról. Bíonn go leor i gceist le babhtaí a eagrú ó thús an scoilbhliain ach thóg sí faoina cuid cúraimí go díograiseach agus go stuama.

Dúirt sé freisin go bhfuil Gael Linn go mór faoi chomaoin ag na múinteoirí a réitíonn na foirne bliain i ndiaidh bliana as an dúthracht agus an dílseacht don chomórtas agus le Foras na Gaeilge as a dtacaíocht leanúnach.

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:

Lauren Ní Mhaoileanaigh, 087 0578801 / lauren@gael-linn.ie