Déardaoin, 04 Bealtaine 2023

Ceaircín Rua na Teilifíse

Ceaircín Rua na Teilifíse

'Déanfaimid féin é an dearcadh a bhí ag Gael Linn faoi theacht na teilifíse,' a deir Pádhraic Ó Ciardha, lar-leascheannasaí TG4, léachtóir agus Cathaoirleach Gael Linn.


Is iomaí eachtra shuntasach i scéal Ghael Linn, agus tá níos mó ná insint amháin ar chuid acu. Ina measc sin, tá an t-iarratas fónta a rinne an t-eagras óg nuálach i 1957, féachaint le beannacht an Rialtais a fháil chun an chéad seirbhís teilifíse náisiúnta sa bPoblacht a bhunú agus a riaradh.

Bhí Taoiseach na linne ina aghaidh. Bhí fear céile a iníne (agus Taoiseach é féin ina dhiaidh sin) ar thoscaireacht Ghael Linn. Bheadh ceannasaí na toscaireachta céanna ina phearsa shinsearach chonspóideach sa mbunaíocht chraoltóireachta ar feadh na mblianta, lá níos faide anonn.

Tá an scéal iontach ar fáil in eagrán na míosa seo de COMHAR.

Is féidir iarratas Gael Linn sa bhliain 1957 a léamh anseo nó an cód QR thíos a leanúint ar cheamara do ghutháin.