Máirt, 27 Meitheamh 2023

Cairde Gael Linn - An Crannchur - ag teacht chun deiridh

Cairde Gael Linn - An Crannchur - ag teacht chun deiridh

Beidh Cairde Gael Linn (An Crannchur) ag teacht chun deiridh i mí an Mheithimh 2023.

 

Nuair a tháinig athnuachan ar an cheadúnas i Mí Eanáir cuireadh in iúl go raibh athrú sa dlí agus dá thairbhe an athraithe seo bhí sé soiléir nach dtiocfadh linn leanstan ar aghaidh mar a bhí. 

  

Tuairiscíodh an t-athrú seo do Bhord Gael Linn ag an chruinniú i Mí Feabhra 2023 agus aontaíodh comhairle chuí a lorg, rud a rinneadh.  Rinneadh taighde neamhspleách sa bhreis anuas air seo.

 

Bunaithe ar an taighde agus ar an chomhairle, thángthas ar an chinneadh gur chóir do Cairde Gael Linn éirí as a bheith ag díol ballraíochta agus an crannchur féin a thabhairt chun deiridh a luaithe is féidir leis an dlí úr a chomhlíonadh.  Leanadh ar aghaidh leis an tarraingt fá choinne 6 mhí le go mbeadh go leor ama ag na bailitheoirí na baill go léir a chur ar an eolas agus go go mbeadh na seansanna cearta sa chrannchur ag na daoine a raibh ballraíocht bhliantúil ceannaithe acu sula dtiocfaí deireadh leis.

 

Táimid fíorbhuíoch daoibh, a Chairde, as bhur dtacaíocht dhílis thar na blianta agus guíonn muid gach rath oraibh.

 

Má tá aon eolas breise de dhíth bí i dteagmháil cairde@gael-linn.ie

 

Cairde Gael Linn Members Draw (the Lottery) will come to an end in June 2023.

When the Lottery license came up for renewal in January it was announced that there was a change in the law it was clear that we would not be able to continue as we were.

  

This change was reported to Bord Gael Linn at the meeting in February 2023 and it was agreed to seek appropriate advice, which was done. Independent research was carried out in addition to this.

Based on the research and the advice, the decision was reached that Cairde Gael Linn should stop selling memberships and bring the lottery itself to an end as soon as it can to comply with the new law. The draw was continued for 6 months so that the collectors had enough time to inform all the members and that those who had bought an annual membership had the right chances in the draw before it ended.

It is with sadness that we hold our last Draw on the 27th of June. We are very grateful to all our Members and Collectors for all you support over the many years of the Cairde Draw and we wish you every success for the future.

 

If you need any additional information, please contact cairde@gael-linn.ie