Ceoltóirí agus amhránaithe, breis agus scór acu ó gach cúige sa tír, lonnaithe sa phríomhchathair ag an am a tháinig le chéile den gcéad uair ar an 8ú Márta 1984. Ceiliúradh a bhí ann ar an saibhreas ceoil is amhrán a bhí ag na mná cruthaitheacha seo, agus beag aitheantas ná deiseanna seinnte á fháil acu, ar stáitsí na cathrach ná na tíre go ginearálta.
Thángadar le chéile den gcéad uair ag an Dublin Folk Festival ar Lá Idirnáisiúnta na mBan na bliana san,1984. In Ostán stairiúil Ormord, ar chéanna na príomhchathrach, óstán atá luaite ag James Joyce ina shaothar iomráiteach Ulysses a bhí a gcéad cheolchoirm acu. Ní raibh i gceist ag na mná ceolmhara seo ach aon ócáid amháin a eagrú chun an lá iomráiteach a chomóradh agus a thaispeáint don saol an saibhreas agus an tallann a bhí acu agus a laighead aird is a bhí á fáil acu. Tháinig na sluaite go dtí an gceolchoirm, go deimhin cuireadh an-chuid acu ó dhoras leis an easpa spáis.
Leath cáil na hócáide ceolmhaire agus ní fada go raibh iarratais acu, teacht agus ceolchoirmeacha a dhéanamh áiteanna éagsúla ar fud na tíre, Scoil Samhraidh Willie Clancy ina measc. Fuaireadar cuireadh ó The Late Late RTÉ dreas ceoil a dhéanamh agus fuaireadar cuireadh ón BBC i mBéal Feirste an clár iomráiteach As I Roved Out a dhéanamh. Tugadh cuireadh dóibh chomh maith deireadh seachtaine ceoil a dhéanamh i Londain.
A bhuíochas do Riobárd Mac Goráin, ceannródaí i nGael Linn ag an am, tugadh cuireadh dóibh ceirnín a dhéanamh rud a dhein… ceirnín iomráiteach MACALLA - Mná na hÉireann le clúdach álainn greanta ag an ealaíontóir Pauline Bewick. Dheineadar an tarna ceirnín le Gael linn tamall ina dhiaidh san, Macalla 2.
Scaip na ceoltóirí ón gcathair de réir a chéile, d’fhilleadar ar a mbailte dúchais, leithéidí Mary Mac Namara ar ais go Co. an Chláir, Máirín Fahy ar ais go Gaillimh, Patsy Broderick go Co. Chiarraí, Clodach McRory go Beal Feiriste, Máiréad Ni Mhaonaigh lena grúpa Altan, etc etc ach thánadar go léir le chéile chun ócáidí comórtha éagsúla a dhéanamh thar na mbliana.
Is mór againn sin iad a bheith beo sláintiúil chun an daicheadú bliain a cheiliúradh sa Sugar Club ar 8 Márta 2024 i gcomhar le Gael Linn, urraithe ag Foras na Gaeilge.
Beidh na ticéid do ‘Macalla – Ceiliúradh 40 bliain’ ar díol ón Aoine, 29 Meán Fómhair. Is féidir do thicéad a cheannach anseo.