Oifigeach Iarbhunleibhéal - An tOirthear - Gaelbhratach
Príomhdhualgais an Phoist:
Beidh an té a cheapfar freagrach go príomha as reáchtáil na scéime ‘Gaelbhratach’ ar an leibhéal iar-bhunscoile. Beidh an té sin freagrach do Bhainisteoir na scéime.
Beidh:
-comhoibriú i gceist idir an t-oifigeach iar-bhunleibhéal agus foireann Gaelbhratach i gcoitinne.
-deis ann taisteal go iar-bhunscoileanna na scéime timpeall na tíre ach béim ar leith ar oirthear na tíre don ról áirithe seo.
Dualgaisí:
- Cruinnithe, ceardlanna agus cuairteanna tacaíochta a eagrú leis na scoileanna atá páirteach sa scéim, i gcomhar le hoibrithe Chonradh na Gaeilge, Glór na nGael nó eile nuair a oireann
- Tacú i ngach bealach gur féidir leis na scoileanna trí spreagadh a thabhairt do na múinteoirí agus smaointe cruthaitheacha a roinnt leo
- Áiseanna tacaíochta a chruthú, nó eolas faoi áiseanna a chur ar fáil dóibh
- Tuairisc ráithiúil a chur ar fáil faoi dhul chun cinn an tionscadail
- Bainistiú a dhéanamh ar an liosta feithimh agus cur le líon na scoileanna sa scéim ag deireadh na bliana
- Cuidiú le scéimeanna agus cúrsaí eile i nGael Linn mar a oireann, mar shampla ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Gael Linn ag ócáidí éagsúla, seastáin eolais ag féilte, comhdhálacha nó a leithéid.
- Páirt ghníomhach a ghlacadh in obair foirne ar nós: réamhullmhúcháin d’ócáidí, dearadh agus cruthú acmhainní, tobsmaointeoireacht, dualgais roinnte srl
- Feidhmiú faoi do thionscnaíocht féin le hábhar na scéime a chur chun cinn ó thaobh riaracháin agus ábhair na scéime
- Aon chúram eile is cuí
Riachtanach don Phost:
• Ardscileanna ríomhaireachta agus riaracháin
• Ardleibhéal Gaeilge idir labhairt agus scríobh
• Ardscileanna cumarsáide
• Cumas obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann
• Céim ábhartha nó a chomhionann de thaithí
• Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
• Scileanna eagrúcháin - cumas cloí le sceideal agus spriocdhátaí
Critéir inmhianaithe:
Bheadh meascán de na rudaí thíos ag an duine idéalach don ról seo:
• Meon dearfach, cruthaitheach
• Fuinneamh, paisean agus grá don Ghaeilge
• Taithí/saineolas ar an nGaeilge ag an iar-bhunleibhéal
• Taithí/suim i ndearadh grafach
• Tuiscint mhaith ar earnáil na Gaeilge, an earnáil oideachais, agus an earnáil chultúrtha
Spriocdháta le haghaidh iarratais: 4ú Deireadh Fómhair
Tuilleadh Eolais: maireadt@gael-linn.ie
Teil 01-6751200