Luan, 09 Deireadh Fómhair 2023

Tuarascáil Nua ETI - Education Training Inspectorate - ar na Nuatheangacha ó thuaidh

Tuarascáil Nua ETI - Education Training Inspectorate - ar na Nuatheangacha ó thuaidh


Tuarascáil nua ar fáil anseo



Cuireann Gael Linn fáilte roimh fhoilsiú an tuarascála Modern Languages at Key Stage 3; strategies that foster positive attitudes to learning languages and lead to uptake at Key Stage 4’. Is dóigh le Gael Linn gur tuarascáil ríthábhachtach í seo a léiríonn go soiléir mothúcháin na múinteoirí agus mothúcháin na ndaltaí ar an cheist san am i láthair. Tá sé soiléir ón tuarascáil go mbaineann na daltaí an-sult as foghlaim na dteangacha agus go bhfuil múinteoirí ag cur scoth an teagaisc ar fáil. Tá sé soiléir ón tuarascáil chomh maith, áfach, go bhfuil na múinteoirí agus na daltaí sin ag obair agus ag foghlaim i gcóras nach n-aithníonn luach na dteangacha mar is ceart.  


Is dóigh le Gael Linn gur céim chun tosaigh í go bhfuil na baic agus constaicí a bhaineann le teagasc na dteangacha aitheanta ag an ETI. Tá sé aitheanta go bhfuil daltaí den bharúil go bhfuil na teangacha ródheacair ag GCSE le hardghráid a bhaint amach, go bhfuil na teangacha go minic in iomaíoch le hábhair choitianta eile agus go bhfuil barraíocht ar shiollabais GCSE – rud a aithníonn Gael Linn go mór le GCSE Irish.  

Léiríonn an tuarascáil an imní atá ann san am i láthair agus tá sé in am dúinn an córas a chur ina cheart. Thiocfadh leis an tuarascáil seo an tsúil aniar a thabhairt ag na páirtithe leasmhara ar fad (An Roinn Oideachais agus CCEA go háirithe) agus mar sin de, caithfidh muid gníomhú ar an mhéid atá luaite sa thuarascáil seo.  


Tá foghlaim na dteangacha in áit na leathphingine ag an stát ó thuaidh, go háirithe ó baineadh na teangacha mar ábhar riachtanach ag GCSE i 2004. Bhí Gael Linn glórach in éadan an chinnidh sin ag an am. Tá córas oideachais againn ó thuaidh nach n-aithníonn luach an dátheangachais nó na scileanna a bhaineann le teanga a shealbhú.  


bac curtha ar dhul chun cinn na Gaeilge mar ábhar scoile ag an Roinn Oideachais ó thuaidh. ganntanas córasach i soláthar teangacha ó thuaidh. soiléir nach bhfuil an cur chuige i leith theagasc na dteangacha ag teacht leis an chur chuige is fearr go hidirnáisiúnta.  tréimhse de na tréimhsí is giorra san Eoraip againn ó thaobh theagasc riachtanach teangacha. Ar an drochuair na daltaí atá ag cailleadh amach mar thoradh air seo bliain i ndiaidh bliana 


Mar shampla, iarrtar ar go leor scoláirí teanga áirithe a roghnú agus iad ag cur tús leis an iar-bhunscolaíocht. Measann Gael Linn gur chóir go mbeadh deis ag gach dalta níos teanga amháin a roghnú agus ansin cead acu cinneadh a dhéanamh bunaithe ar na tréimhsí foghlama sin. Chomh maith leis sin, an Ghaeilge, agus teangacha eile, in iomaíocht le hábhair phraiticiúla ach go háirithe agus ciallaíonn sin go mbíonn ar dhaltaí roghnú go minic idir an ábhar is fearr leo. Leis an  bhac seo ar fhoghlaim teangacha áirithe, impleachtaí nach beag ar an Ghaeilge mar ábhar agus dheasca sin, stádas na Gaeilge á mhionlú níos ó thuaidh. 


Tá sé soiléir ón tuarascáil, chomh maith, go bhfuil foghlaim na Gaeilge ródheacair go háirithe ag GCSE, rud atá ráite go soiléir ag An Gréasán, an cumannábhar do mhúinteoirí na Gaeilge, le blianta anuas. Mar sin de, tá sé ríphráinneach torthaí na hathbhreithnithe, ar leibhéal measúnaithe na dteangacha ag GCSE agus A Leibhéal, ar chuir CCEA tús leis i 2019 a fheiceáil foilsithe.   


an dréachtstraitéis do theangacha molta ó 2012 le moltaí d’fhoghlaim na dteangacha luaite go soiléir sa tuarascáil. Luann an tuarascáil go soiléir go bhfuil in am dúinn gníomhú ar an straitéis agus ba chóir go mbeadh sin mar phointe imeachta ón tuarascáil agus ar an chéad chéim ghnímh gan dabht 


mór an ganntanas córasach soláthair d’fhoghlaim teangacha ag an bhunleibhéal fosta a chur ina cheart le nach mbeidh mionlú déanta ar an Ghaeilge. Is cóir foghlaim na dteangacha a spreagadh ag an bhunleibhéal agus faoi láthair faraor níl seo ag tarlú. 


Ba chóir go mbeadh ardú feasachta déanta ag an Roinn Oideachais le go dtuig an mórphobal luach an dátheangachais, rud atá déanta go héifeachtach ag ár gcomharsana sa Bhreatain Bheag. Ba mhaith le Gael Linn go mbeadh an fhís chéanna ag na páirtithe leasmhara go mbeidh foghlaim na Gaeilge ‘éifeachtach, sultmhar agus ar fáil’ do gach dalta mar atá luaite sa tuarascáil. 

 



Níos mó eolais: seamas@gael-linn.ie