Céadaoin, 06 Nollaig 2023

Gael Linn ag 70 ar TG4 Oíche Fhéile Stiofáin

Gael Linn ag 70 ar TG4 Oíche Fhéile Stiofáin

Beidh Gael Linn ag 70 á chraoladh ag TG4, Oíche Fhéile Stiofáin ar 20:00. Sa chr comórtha seo déanfar ceiliúradh ar 70 bliain de Gael-Linn. 

 

I measc na n-aíonna a bheidh páirteach sa chlár beidh Moya Brennan, Iarla Ó Lionáird, Mairéad Ní Mhaonaigh, Muireann Nic Amhlaoibh, Liam Ó Maonlaí, Colm Mac Con Iomaire agus Rossa Ó Snodaigh, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill, Mary Bergin agus Macdara Ó Faoláin, IMLÉ le Ríona Sally Hartman, Sarah Ghriallais, Muintir Uí Bheaglaoich, Gráinne Holland, Peadar Ó Riada, Niamh Farrell, Jos agus Ted Kelly, Binneas (buaiteoirí Shiansa Ghael Linn 2023), Pádraigín Ní Uallacháin agus Colm Bairéad. 

 

Gníomh misniúil agus fadradharcach a bhí i mbunú Ghael Linn a raibh glúin a rugadh i luathbhlianta an tSaorstáit nua ina bhun, glúin ar theastaigh uathu athrú a dhéanamh. Theastaigh dul i ngleic leis an ghéarchéim fostaíochta agus le bánú na Gaeltachta; theastaigh bealaí nua chun an teanga a chur i láthair an phobail seachas tríd an chóras oideachais amháin chun go mbeadh seans eile ag an phobal lasmuigh den Ghaeltacht eolas a chur ar an nGaeilge. In 1953, thosaigh Raidió Éireann ag glacadh le hurraíocht ar a gcuid clár. Bolscaireacht don urraitheoir agus ceol ábhar na gclár seo. Bhí clár seachtainiúil dátheangach ag Gael Linn ar a dtugtaí ardán iontach don eagras mar aon le ceol agus amhráin Ghaeilge a chraobhscaoileadh go náisiúnta.  Bhí an Ghaeilge le cloisteáil i gcomhthéacs nua, mealltach siamsaíochta ar an gclár. 

 

Cuirfear tús leis an gclár comórtha seo le píosa filíochta nuachumtha arna chur i láthair ag Megan Nic Ruairí, ball den ghrúpa Bláth na hÓige, a deisigh ceirnín le déanaí ar lipéad Gael Linn.

 

Déanfar tagairt do thionchar Ghael Linn ar cheol taifeadta Thír Chonaill, an tionchar a bhí ag Clannad, Aodh Ó Duibheannaigh, Skara Brae agus Altan agus beidh caint agus ceol le Moya Brennan, Mairéad Ní Mhaonaigh agus le Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill.

 

Beagraíocht 32 contae í Gael Linn agus tá lorg agus tionchar na heagraíochta le brath i ngach gné de shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bunaíodh é. Bhí oifig acu i gContae Ard Mhacha ón tús agus pléifidh Pádraigín Ní Uallacháin, Réamonn Ó Ciaráin, Antoine Ó Coileáin agus Gráinne Holland é sin, mar aon leis an tionchar a bhí ag Gael Linn ar an saol Gaelach sna Sé Chontae. Canfaidh Gráinne Holland os an Sliabh, amhrán a thaifead Albert Fry in 1979 agus a thaifead Gráinne í fhéin ar lipéad Gael Linn in 2015 ar a ceirnín Gaelré’.

 

Ba é ceirnín Mary Bergin Feadóg Stáin a 1 an ceirnín ba mó díolacháin riamh ar lipéad Ghael Linn agus beidh Mary agus an ceoltóir óg ildánach agus iar-bhuaiteoir Siansa Gael Linn 2013’ ón Rinn, Macdara Ó Faoláin, linn chun píosa speisialta ceoil a thaifeadadh don chlár.

 

Ba é an scannán Mise Éire (1959) an scannán ba mhó cáil a léirigh Gael Linn inar insíodh scéal na hÉireann ó 1878 go 1918. Ba é an dlaoi mullaigh ar an saothar, bfhéidir, an fuaimrian ceoil le Seán Ó Riada a cuireadh leis. Thug Gael-Linn tacaíocht airgid agus an t-ardán poiblí don Riadach agus do Cheoltóirí Chualann a tháinig chun cinn tar éis na ceolchoirme stairiúla in Amharclann Gaiety in 1969.  Déanfaidh Áine Hensey, Pádhraic Ó Ciardha, Peadar Ó Riada agus Colm Bairéad plé ar an scannán, ar an cheol agus ar an tionchar a bhí ag Seán Ó Riada agus ag Ceoltóirí Chualann ar na glúnta a bhí le teacht.

 

Coimisiúnaíodh cóiriú nua den amhrán iomráiteach Cúnnla don chlár freisin, arna chur i dtoll a chéile ag Niamh Farrell, Cilllian Doheny, Ted Kelly agus Jos Kelly as Sligeach ar baill iad freisin den ghrúpa Moxie.

 

Bhí Slógadh, óg-fhéile na n-ealaíon, ina bheart mór ag Gael Linn don ghlúin óg agus reáchtáladh an chéad Slógadh Náisiúnta in 1970. Comórtas nuálach siamsaíochta agus ceoil a bhí ann do dhéagóirí a thuill cáil agus iomrá agus a thug a gcéad deis do mhón ceoltóirí agus grúpaí a bhain cáil amach ina dhiaidh sin - ina measc bhí, Hothouse Flowers, Na Casaidigh, Stocktons Wing, Sharon Shannon, Iarla Ó Lionáird, Kíla agus Dolores O'Riordan. Deanfaidh Áine Hensey, Liam Ó Maonlaí, Colm Mac Con Iomaire, Rossa Ó Snodaigh agus Iarla Ó Lionáird Slógadh agus an tréimhse spreagúil sin a phlé.

 

Tá an amhránaíocht ar an sean-nós fite fuaite i scéal Gael Linn agus taifeadadh déanta ag Darach Ó Catháin, Caitlín Maude, Áine Uí Cheallaigh agus Seosamh Ó hÉanaí agus neart eile ar lipéad na heagraíochta le himeacht na mblianta. Thaifead an t-amhránaí clúiteach ar an sean-nós ó Chonamara, Sarah Ghriallais, ceirnín le Gael Linn in 1987 nár eisíodh go dtí 2022. Casfaidh Sarah an t-amhrán Oiriallach Amárach Lá le Pádraig i gCoill Bhearna ar an gclár.

 

Thacaigh Gael Linn i gcónaí leis an nua-chumadóireacht agus le cumadóirí Gaeilge leithéidí; Na Fíréin, Tadhg Mac Dhonnagáin, Philip King agus Pádraigín agus Eithne Ní Uallacháin. Le deich mbliana anuas, tá roinnt ceirníní agus singlí eisithe ag an ngrúpa IMLÉ ar lipéad Gael Linn. Labhróidh Cian Mac Carthaigh faoin ábhar seo agus tabharfaidh Ríona Sally Hartmann agus IMLÉ léiriú álainn ar a n-amhrán nuachumtha Go deo, Go deo ar an gclár.

 

Aniar TV a léirigh Gael Linn ag 70 do TG4.

 

Deir Seán Ó Cualáin Léiritheoir Feidhmiúcháin Aniar Bhí ríméad ar Aniar tabhairt faoin gclár comórtha seo ar scéal Gael Linn agus mar a chruthaíodar an earnáil chruthaitheach Gaeilge atá againn inniu. Léirigh Gael Linn gur féidir leis na traidisiúin a bheith lárnach san athnuachanagus tugtar léiriú ar an tionchar dearfach a dimir aon ghlúin amháin ar na glúnta a tháinig ina diaidh sa gclár.”

 

Ba é Dónal OConnor, a bhfuil Gradaim IFTA agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais buaite aige, agus a fuair ainmniúchán RTS, Léiritheoir agus Stiúrthóir Ceoil an chláir agus dúirtBhí ceangal pearsanta agam fhéin i rith mo shaol le Gael Linn mar gur thaifead mo thuismitheoirí, Eithne Ní Uallacháin agus Gerry OConnor ceirnín ar an lipéad in 1987 agus deisigh maintín, Pádraigín Ní Uallacháin, roinnt ceirníní leo comh maith. Ar a bharr sin, diarr Gael Linn orm ceirníní a léiriú don lipéad ar nós ceirnín Ghráinne Holland - Gaelré, Eithne Ní Uallacháin - Bilingua & Gatehouse – Tús Nua, ceirníní a fuair 5* san Irish Times, agus bhí mé féin i miomaitheoir sna comórtais Díospóireachta, i Slógadh agus bhí mé i mo mholtóir ar Chomórtas Siansa Gael Linn thar na blianta. Thuig mé i gcónaí an tábhacht a bhain leis an obair a bhí ar bun ag Gael Linn ag bailiú, ag caomhnú agus ag cur na cartlainne dochreidte ceoil agus amhrán seo ar fáil, agus i measc na ngnéithe uile iontacha a bhain le hobair Gael Linn thar na blianta, creidim gurb iad an ceol agus an lipéad ceoil na gnéithe ba shuntasaí agus ba luachmhaire agus gur chóir dúinn díriú air sin sa chlár ceiliúrtha seo.

 

Bhí Oisín Ó hEartáin ina Stiúrthóir Faisnéise ar an gclár agus dúirt seisean Bhí taithí agam féin ar Gael Linn ó aois óg nuair a thosaigh mé ag seinm píosaí ceoil éagsúla ag comórtais Scléip thíos i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath – an méid spóirt agus spraoi a bhí agam ag cur aithne ar dhaoine cosúil liom féin, as Gaoluinn, ó cheann ceann na tíre, ní raibh aon rud eile ar aon dul leis. Gan dabht tá taithí phearsanta sa chlann againn ar Gael Linn leis an obair ar fad a rinne mo sheanathair, Brian Ó Baoill, thar na blianta agus ba mhór an onóir dom é comóradh a dhéanamh ar 70 bliain den obair eisceachtúil sin de bhailiúcháin agus caomhnú ceoil, cur chun cinn na Gaoluinne agus an obair ar fad atá déanta ag Gael Linn chun meon na tíre a athrú ó thaobh ár dteanga agus ár dtraidisiún de.”

 

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn Tá lúcháir an domhain orainn go léir i nGael Linn go mbeidh an clár speisialta seo, Gael Linn ag 70, á chraoladh ar TG4 - Tá saibhreas mór oidhreachta taifeadta ar lipéad íocónach Gael Linn agus tá sé bhachtach go mbeidh cuid den chatalóg mhór sin lárnach sa chlár atá léirithe go healaíonta ag Aniar TV móide míreanna suimiúla ó stair éachtach na heagraíochta.

 

Dúirt Anna Ní Ghallachair,  Cathaoirleach Bhord TG4 Plúr na gceoltóirí ag tabhairt aitheantais don fhís agus don ghluaiseacht a thosaigh amach ag iarraidh ceol traidisiúnta na hÉireann a chaomhnú agus a dfhág go bhfuil sé anois ar cheann de mhórchultúir cheoil na cruinne, le saibhreas, fuinneamh agus féidearthachtaí gan teorainn.