Céadaoin, 13 Nollaig 2023

Torthaí - Craobh Réigiúnach 2, Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain Laighean Uladh

Torthaí - Craobh Réigiúnach 2, Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain Laighean Uladh

Craobh Réigiúnach 2

 

 Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2024

 

(Cúige Laighean agus Cúige Uladh)

 

Reáchtáladh Craobh Réigiúnach Chúige Laighean agus Cúige Uladh de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2024 ar an Mháirt, 12 Nollaig 2023 in Óstán an Four Seasons, Muineachán. Dhá dhíospóireacht a bhí ann, babhta sóisearach agus babhta sinsearach idir Ghaelcholáistí agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Bhí na foirne uile ag iarraidh áit a bhaint amach i gCraobh na hÉireann. Bhí neart cur agus cúitimh i measc na bhfoirne a bhí páirteach, agus jab an-deacair le déanamh ag na moltóirí Máirín Uí Mhuirí, Féilim Mac Donncha agus Pádraic Ó Conaola. 

Sa díospóireacht shóisearach phléigh scoláirí ó Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór; Pobalscoil Ghaoth Dobhair; Coláiste Pobail Ráth Chairn; Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair an rún: ‘Tá ár gcuid luachanna mar shochaí caillte againn’. Tar éis neart plé idir na moltóirí ar na tréithe éagsúla a bhí ag na foirne uile, roghnaíodh foireann Choláiste Pobail Ráth Chairn agus foireann Choláiste Eoin, Baile an Bhóthar le dul ar aghaidh go dtí an Chraobh. 

‘Tá an ceart acu siúd atá ag diúltú ceadúnas teilifíse a cheannach’ an rún a bhí faoi chaibidil sa mbabhta Sinsearach.  An t-am seo, bhí foirne ó Coláiste Oiriall, Muineachán; Coláiste Pobail Ráth Chairn; Coláiste Íosagáin, Baile an Bóthar agus Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór i mbun díospóireachta.  Bhí go leor le rá ag na cainteoirí uile ar an ábhar seo. Ar deireadh, fógraíodh gurb iad foireann Choláiste Oiriall, Muineachán agus foireann Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór a rachaidh ar aghaidh chun na Craoibhe.

Bronnadh duaiseanna/plaiceanna ar na cainteoirí uile a bhí páirteach sa Chraobh Réigiúnach mar aitheantas ar a rannpháirtíocht sa chomórtas.

Beidh Craobh Díospóireacht Uí Chadhain ar siúl ar an gCéadaoin, 24 Eanáir 2024. 

 

CRÍOCH

 

Tuilleadh eolais:

Lauren Ní Mhaoileanaigh, 087 057 8801 / lauren@gael-linn.ie