Pilates trí Ghaeilge, Coistí ag spreagadh na Gaeilge ag margadh áitiúil, agus X-Factor trí Ghaeilge is ea cuid de na gníomhaíochtaí a bhunaigh agus a reáchtálann coistí de dhaltaí ar bronnadh an Gaelbhratach orthu ag searmanas i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach ar an Mhairt, 14 Bealtaine 2024.
Is scéim náisiúnta é ‘Gaelbhratach’ atá á reáchtáil ag Gael Linn a spreagann scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile chun Gaeilge a labhairt lasmuigh de shuíomh fhoirmiúil an tseomra ranga. Is í an bhliain seo an 10ú bliain den scéim ag an iar-bhunleibhéal.
Tá an-éileamh ar Gaelbhratach agus ardú suntasach tagtha ar líon na scoileanna atá gníomhach sa scéim ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibheál. Bronnfar Gaelbhratach ar beagnach 70 scoil iar-bhuneibhéal le linn na bliana - an líon is airde faighteoirí in aon bhliain amháin. Mar chuid den searmanas inniu, bhí os cionn 40 scoil i láthair lena mbratach bhailiú. Is mar aitheantas ar a gcuid iarrachtaí pobal na scoile a spreagadh agus a chumas chun an Ghaeilge a labhairt a bhronntar an bhratach seo. Bronnfar 60+ bratach eile ar bhunscoileanna na tíre ag searmanas bronnta le linn mí an Mheithimh.
Agus í ag labhairt mar chuid den phlé phainéal, dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Óige, Conradh na Gaeilge; láithreoir an podchraoladh ‘How to Gael’, agus láithreoir teilifíse: “Bhí an t-ádh dearg orm fás aníos ag labhairt Gaeilge sa bhaile le mo theaghlach. Is iomaí doras a d’oscail sin dom sa saol toisc gur féidir liom Gaeilge a labhairt, agus ní bheinn san áit a bhfuilim inniu gan é. Is bealach iontach í an scéim Gaelbhratach deis a thabhairt do dhaltaí a bheith i gceannas ar a n-úsáid féin as an teanga, í a thabhairt isteach ina saol laethúil agus í a dhéanamh spraíúil! Tá sé spreagúil go bhfuil daoine óga ag labhairt agus ag úsáid na Gaeilge ina slí féin taobh amuigh den seomra ranga. Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu chun labhairt ar an bpainéal faoi mo thaithí leis an nGaeilge agus chun bualadh leis na daltaí ar fad atá ag fáil a gcuid bratacha.”
Ag labhairt di ag an searmanas bronnta, dúirt Edel Ní Bhraonáin, Bainisteoir Gaelbhratach: “Tá lúcháir orainn a bheith i gColáiste Mhuire gan Smál inniu le haghaidh Bronnadh Gaelbhratach agus a bheith ag ceiliúradh 10 mbliana den scéim ag an dara leibhéal, cloch mhíle shuntasach don scéim. Tugann Gaelbhratach deis do dhaoine óga d’aon aois nó cúlra a gcuid scileanna Gaeilge a úsáid agus a fhorbairt lasmuigh de shuíomh thraidisiúnta an tseomra ranga. Tá sé mar aidhm ag an gclár muinín a thabhairt do dhalta a nguth a úsáidagus daltaí a chumasú agus a chothú le saol trí Ghaeilge a bheith acu tríd a bheith mar bhall den choiste Gaelbhratach. Is é ról an choiste seo atá faoi stiúir na daltaí ná gníomhaíochtaí Gaelbhratach a stiúradh i rith na scoilbhliana – ag tabhairt ar chumas na scoláirí úinéireacht a ghlacadh ar conas agus cathain a úsáideann siad a dteanga".
“Tá scoileanna nua againn ag súil le bheith páirteach sa scéim gach bliain agus tá sé inspioráideach dúinne an paisean atá ag daoine óga don teanga a úsáid mar gnáth theanga laethúil. Is í an chuid is luachmhaire den scéim ná an t-aiseolas a chloiseann muid, ó dhaltaí agus ó mhúinteoirí araon, ar an tslí a dhein siad an teanga a chomhtháthú ina saol laethúil agus an tionchar a bhí aici.”
Mar chuid den ócáid bhronnta, bhí Barry Ó Siochrú, an chéad Oifigeach Gaeilge lánaimseartha in Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe mar fhear an tí ar phlé phainéil le:
- Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Óige le Conradh na Gaeilge, láithreoir an podchraoladh ‘How To Gael’ agus láithreoir teilifíse;
- John Prendergast, Oifigeach Pleanáil Teanga, Tobar Dhuibhne, iarmhac léann de chuid 'Fulbright' agus mac léann de chuid Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF);
- Abbey Shiels, cúl báire fhoireann shinsear na mban Bhaile Átha Cliath;
- Cian Mac Coisteala, Mac léann de chuid Choláiste Mhuire gan Smál
Reáchtáladh roinnt ceardlanna freisin chun an t-éileamh atá ar na bealaí spraíúla agus cruthaitheacha inar féidir an Ghaeilge a úsáid a léiriú. Bhí Biongó Lócó - cluiche biongó mar nach bhfaca tú riamh; Craic le Ceol - ag cur fonn nua-aimseartha le hamhráin aitheanta Éireannacha; “Na Dúshláin” - chuala tú gur 'duine cáiliúil mé', bhuel cuirtear dúshláin ar leibhéal eile ort anseo ná mar a chuirtear sa dufair! Agus, bhí gearrscannáin Éireannacha le cuid de na réaltaí is mó i Hollywood á dtaispeáint inár bPictiúrlann!
Is scéim Ghaeilge í Gaelbhratach atá dírithe ar chur chun cinn na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na tíre. Eagraíonn Gaelbhratach Searmanas Bronnta na Gaelbhratacha ar dhaltaí iar-bhunscoile gach bliain chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair shuntasach a dhéanann múinteoirí agus scoláirí i gcur chun cinn na Gaeilge ina gcuid scoileanna.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim Gaelbhratach ar fáil anseo.
CRÍOCH
Tuilleadh eolais: eolas@gaelbhratach.ie