Déardaoin, 24 Deireadh Fómhair 2024

Mise Gráinne - Closleabhar Ceoil le seoladh ag an Oireachtas

Mise Gráinne - Closleabhar Ceoil le seoladh ag an Oireachtas

Ní gnáthchlosleabhar é Mise Gráinne ach closleabhar ceoil. Cuirfidh an léiriú úr seo an lucht éisteacht faoi dhraíocht. Tá an scéal ullmhaithe agus taifeadta go mealltach agus go healaíonta ag Louis de Paor agus a fhoireann. Is forbairt úr é an closleabhar ceoil seo ar lipéad íocónach Gael Linn. Beidh teacht ar cheann de na scéalta is fearr ó mhiotaseolaíocht na hÉireann ar fud na cruinne. File agus fear léinn aitheanta é Louis de Paor. Tá sé ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe. Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas é. Dana Lyn atá lonnaithe in Brooklyn, Nua-Eabhrac a chum an ceol inspioráideach don scéal.

 

Is athinsint chumhachtach í Mise Gráinne ar scéal ón Fhiannaíocht le ceol nuachumtha a chuireann go mór le fonn éisteachta. Ar na haisteoirí a bhí páirteach i Mise Gráinne tá; Bríd Ní Neachtain, Dónall Ó Héalaí, Louis de Paor, Marcus Mac Conghail, Dónal Ó Braonáin, Ciara Ní É, Aodh Ó Coileáin agus Darach Mac Con Iomaire. Tá Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne ar cheann de na scéalta miotais is aitheanta san Fhiannaíocht leis na céadta bliain. Is maith mar sin go bhfuil an leagan nua seo ar fáil atá scríofa ag údar den chaighdeán is fearr, le ceol ó chumadóir ardchumais & atá inste ag plúr na n-aisteoirí. Is saibhre éigse na hÉireann anois agus Mise Gráinne ar fáil ar an dóigh ealaíonta seo. Tá íomhá leis an ealaíontóir Rita Duffy, Solitary Forest, in úsáid don chlosleabhar seo.

 

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, ‘Tá níos mó closleabhar trí mheán na Gaeilge de dhíth ar na príomhardáin dhigiteacha. Is féidir éisteacht leo agus tú ag gluaiseacht sa charr, ar an traein nó amuigh ag spaisteoireacht go fiú. Meastar go forleathan go mbeidh fás bliantúil 25% ar mhargadh na gclosleabhar ó 2024 go 2033 go domhanda. Ní mór dúinn cinnte a dhéanamh go mbeidh an Ghaeilge mar chuid den fhás seo. Is maith mar sin go bhfuil closleabhar den chéad scoth curtha i dtoll a chéile ag Louis de Paor bunaithe ar ár mórscéalta miotais. Anuas ar théacs cumhachtach, tá ceol mealltach nuachumtha ag Dana Lyn. Tá foireann chumasach guthaisteoirí cruinnithe le chéile don tionscnamh uaillmhianach seo. Thaifead Gael Linn an focal labhartha cheana féin le Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude agus Micí Sheáin Néill.’

 

Beidh Mise Gráinne ar fáil ar phíomhardáin dhigiteacha ón 31.10.24 agus seolfar é ag Oireachtas na Samhna Dé hAoine 1 Samhain, Amharclann an Oireachtais @ 18:00 in Óstán Brehon.