Luan, 04 Samhain 2024

Buaiteoirí Chraobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2024 !

Buaiteoirí Chraobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2024 !

Eagraithe i gcomhar le Dónall Ó hÉigeartaigh, Comhordaitheoir na Mac Léinn Conradh na Gaeilge, agus leis an tOireachtas.

 

Tá Corn Gael Linn/The Irish Times ag dul ó dheas agus an bua i gCraobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn ag foireann Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chuaigh cainteoirí na foirne, Páidí Mac Gearailt agus Antaine Ó Séaghdha i bhfeidhm go mór ar na moltóirí Féilim Mac Donncha, Máirín Uí Mhuirí, Frainc Tóibín, Seosaimh Ó hÉanaí agus Antóin Delap. 

 

An rún a bhí faoi chaibidil ná ‘Tá córas na hOllscolaíochta in Éirinn briste!’.

 

Agus í ag fógairt na mbuaiteoirí, mhol Máirín Uí Mhuirí (moltóir) na cainteoirí uile as an suim atá acu sa nGaeilge agus a bheith i mbun díospóireachta. Tá muid ag déanamh rud éigin ceart ó thaobh na Gaeilge de sa gcóras [ollscolaíochta] mar go bhfuil an oiread daoine óga i láthair”. Dúirt sí go raibh na moltóirí ag moladh an-díospóireacht idir na foirne uile, go raibh saibhreas teanga ar a dtoil acu, taighde mór déanta, greann eatarthu, seanfhocail á n-úsáid agus canúintí éagsúla le cloisteáil. 

 

“B’éigean dúinn briseadh síos a dhéanamh i dtaobh na pointí, mar go raibh sibh an-ghar dá chéile ó thaobh na marcanna de”. 

 

Reáchtáladh an chraobh mar chuid d’fhéile Oireachtas na Samhna in Óstán an Gleneagle, Cill Airne, ar an Satharn, 2 Samhain 2024 ag 3i.n. Bhí na céadta mac léann as institiúidí tríú leibhéal i láthair lena dtacaíocht a thabhairt do na foirne. Craoladh an ócáid beo ar YouTube Gael Linn chomh maith - breathnaigh air anseo

 

Is iad seo a leanas na foirne a bhí san iomaíocht agus iad ag súil leis an mbua a fháil:

 

Foireann A – An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (i bhfabhar)

Aoife Ní Leochain & Aoibhinn Ní hEochaidh

 

Foireann B – Ollscoil Mhá Nuad, Contae Chill Dara (i gcoinne)

Jess Ní Mhaonaigh & Rachel Ní hÉarchaí

 

Foireann C – Coláiste na hOllscolaíochta Corcaigh (i bhfabhar)

Páidí Mac Gearailt & Antaine Ó Séaghdha

 

Foireann D – Ollscoil na Gaillimhe  (i gcoinne)

Iósua Ó Curraoin & Áine Bairéad

 

Tá an comórtas seo á eagrú le blianta anuas ag Gael Linn i gcomhar le Comhordaitheoir na Mac Léinn, Conradh na Gaeilge, Dónall Ó hÉigeartaigh agus le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac foirne ó choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre páirt i réamhbhabhtaí níos luaithe i mí Dheireadh Fómhair 2024. As na réamhbhabhtaí sin roghnaíodh na ceithre fhoireann thuas le páirt a ghlacadh sa chraobh. 

 

Is é Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn, a bhí ina fhear an tí ar an ócáid agus chuir sé fáilte mhór roimh aoichainteoir agus cathaoirleach na díospóireachta, Dónall Ó Braonáin. Tá an-taithí ag Dónall ar chórais ollscolaíochta agus é ina Eagarthóir Forbartha in Ollscoil na Gaillimhe agus obair mhór déanta aige ar son na Gaeilge agus an teangeolaíocht. Chaith sé tamall ina Leascheannaire ar Raidió na Gaeltachta sular ceapadh é mar Phríomhfheidhmeannach ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá máistreacht bainte aige sa teangeolaíocht, san fhileolaíocht agus sa bpailéagrafaíocht. Bhíodh sé ag léachtóireacht i Roinn an Nua-Ghaeilge Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D’fhoilsigh sé tionscnaimh taighde, bhí sé ina iriseoir le RTÉ agus bhíodh sé ag tuairisciú ar bhinsí imeachta, ar na cúirteanna, ar mhórimeachtaí an domhain agus ar thoghcháin áitiúla agus idirnáisiúnta do Nuacht RTÉ agus TG4 chomh maith le bheith ina léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

 

Tar éis díospóireacht theasaí ar an rún, fuair an t-aoichathaoirleach an deis a thuairim ar chóras na hOllscolaíochta a chur in iúl. Agus é i mbun cainte, dúirt Dónall go raibh sé dúshlánach aige féin dul i mbun cainte tar éis an ochtair a labhair roimhe [na baill foirne]. 

 

Mhol sé iad as a sárthaispeántais, a saineolas agus iad ag baint leas as an gcóras ollscolaíochta faoi láthair, an t-ábhar cumadóireachta agus an cur i láthair a ndearnadh. Lua sé a thaithí féin leis an gcóras ollscolaíochta, idir a bheith ag staidéar agus ag teagasc, ceannasaíocht ar rannóga éagsúla, ag fágáil an earnáil sin agus ag filleadh air arís, agus na staitisticí spéisiúla a bhain leis an gcóras ollscolaíochta. Ghlac sé buíochas le Gael Linn as cuireadh a thabhairt dó a bheith mar aoi ar an oíche. 

 

Chríochnaigh Dónall a chuid cainte le teachtaireacht thábhachtach - go bhfuil feabhas an-mhór tagtha ar an gcaighdeán teagaisc, solúbthacht ar leith ó thaobh na foghlamtha de agus an  rogha leathan cúrsaí atá ar fáil dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil. 

 

“Más briste, brúite, bacaí an córas, tá ann dó”. 

 

Labhair Wayne Mac Feilimí, Cathaoirleach, Gael Linn, ag an ócáid agus ghabh sé buíochas leis An tOireachtas as ardán iontach agus am iontach a thabhairt leis an ócáid seo a reáchtáil, le lucht an óstáin as a gcabhair ag ullmhú an spás, leis na daoine óga [an lucht féachana] a bhí i láthair. Ghlac sé buíochas ar leith leis na moltóirí as a ngairmiúlacht agus le Conradh na Gaeilge agus le Foras na Gaeilge as ucht gach cabhair agus tacaíocht a thabhairt do Gael Linn an comórtas seo a reáchtáil ar ardchaighdeán gach bliain. Ghabh sé buíochas speisialta thar cheann Gael Linn le cathaoirleach na díospóireachta, Dónall Ó Braonáin, as ucht an léargas iontach a thug sé do gach a raibh i láthair ar an earnáil áirithe a bhí faoi chaibidil agus mhol sé an sampla iontach atá ina chuid oibre féin do na mic léinn tríú leibhéil.

 

Bronnadh Corn Gael Linn/The Irish Times, mar aon le seic €150 an duine agus Bonn Óir an Oireachtais ar na buaiteoirí, Páidí Mac Gearailt & Antaine Ó Séaghdha ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Foireann An Coláiste Ollscoile, BÁC a tháinig sa dara háit, agus bronnadh seic €75 an duine, mar aon le Bonn Airgid an Oireachtais, ar na cainteoirí Aoife Ní Leochain & Aoibhinn Ní hEochaidh. 

 

CRÍOCH 

 

Tuilleadh eolais:

 

Tomás Rua Ó Cadhla

 

tomasrua@gael-linn.ie       |           087 747 4927

 

Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. D02 H797

 

 

Nasc YouTube: https://www.youtube.com/live/LB-7ncPJ5Z0?feature=shared