Déardaoin, 07 Samhain 2024

Cartlann Ghrianghraif Gael Linn Seolta

Cartlann Ghrianghraif Gael Linn Seolta

Ag Oireachtas na Samhna in Óstán Brehon a seoladh Cartlann Ghrianghraif Gael Linn agus an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin mar bhean tí don ócáid. Bhí scaifte mór i láthair le hamharc ar chartlann mhór grianghraf don chéad uair. Tá roinnt físeanna suimiúla ina measc fosta. Anois is féidir le duine bith tamall a chaitheamh ag dul siar ar bhóthairín na smaointí leis an iliomad grianghraf atá sa bailiúchán breá seo. Níl le déanamh ach gliogáil anseo

 

Iarbhainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Gael Linn, Seán Ó Ceallaigh atá i mbun na hoibre seo agus tá an chuid is mó de na grianghraif bainteach leis na scéimeanna a raibh baint aige féin leo le linn na mblianta a chaith sé ag obair leis an eagraíocht ach go háirithe na comórtais díospóireachta, Slógadh, Siansa, Scoláireachtaí Trí Mhí srl. Tugann na gailearaithe éagsúla léargas maith ar obair na heagraíochta le blianta anuas agus léiríonn siad freisin an oiread daoine a bhfuil cáil bainte amach acu i réimsí éagsúla den saol, a thosaigh amach le scéimeanna Gael Linn. Ábhar mórtais do Gael Linn é go bhfuil an-chuid acu seo fós ag plé le cúrsaí Gaeilge. Beidh fáilte roimh an bpobal íoslódáil a dhéanamh ar aon ghrianghraif dá n-úsáid phearsanta féin. Má bhíonn aon eolas breise ag éinne faoi aon phictiúir cuirfidh Gael Linn fáilte roimhe sin. Freisin, má tá aon seanghrianghraif ag éinne sa mbaile a bhaineann leis na scéimeanna éagsúla ar mhaith leo a roinnt leis an bpobal cuirfear suas ar an suíomh iad más cuí.

 

Chaith Seán Ó Ceallaigh 47 bliain ag obair le Gael Linn. Dúirt Seán, “Bhí sé go hálainn domsa an suíomh a fheiceáil ag dul beo tar éis beagnach 4 bliana a chaitheamh ag obair air agus freisin bhí sé go hiontach é a sheoladh os a gcomhair siúd a bhí i láthair ag an ócáid. Ba léir go raibh spéis ar leith acu san ábhar agus déarfainn go raibh ar a laghad fiche duine acu a bhfuil grianghraif dóibh féin sa mbailiúchán ghrianghraif. Tá neart gailearaithe nua le cur leis an gcartlann agus déanfar sin sna blianta atá romhainn.”

 

Bunaíodh Gael Linn sa bhliain 1953 agus is liosta le háireamh iad na tionscnaimh uile ar thug an eagraíocht fúthu ó shin leis an nGaeilge agus ár gcultúr go ginearálta a chur chun cinn. 

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán anseo: seanc@gael-linn.ie nó 0872510980