COIRN DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN AG FOIRNE COLÁISTE CHROÍ MHUIRE, AN SPIDÉAL AGUS SCOIL CHUIMSITHEACH CHIARÁIN, AN CEATHRÚ RUA!
Tá tús an-mhaith curtha le 2025 ag foirne ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin tar éis a mbua ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2025 ar an gCéadaoin, 29 Eanáir! Is in Óstán an Westgrove, Claonadh, Co. Chill Dara a reáchtáladh an ócáid, agus bhí lucht éisteachta mór i láthair.
Ba é seo buaicphointe na bliana den chomórtas seo a reáchtálann Gael Linn, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, d’fhoirne díospóireachta ó scoileanna dara leibhéil ar fud na tíre ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu.
I gCraobh na Sóisear, bhí neart cur agus cúitimh idir na cainteoirí óga agus an rún ‘Táimid go maith in Éirinn ag pleanáil don todhchaí!’ faoi chaibidil acu. Labhair foirne ó Choláiste Chroí Mhuire, an Spidéal, agus ó Choláiste Oiriall, i gCo. Mhuineacháin ar son an rúin, agus bhí foirne ó Choláiste na bPiarsach agus ó Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, ina choinne. Bhí scileanna maithe díospóireachta ag na foirne ar fad tríd síos. Chuaigh foireann Choláiste Chroí Mhuire go mór i gcion ar na moltóirí, Áine Hensey, Liam Mac a’ Mhaoir, Seosamh Ó hÉanaí, Máirín Uí Mhuirí agus Pádraig Ó hAiniféin, áfach, le hargóintí mealltacha. Bhí áthas an domhain ar na baill foirne, Cuán Canny, Diarmaid Mac Réamoinn agus Clíodhna Ní Neachtain agus nuair a fógraíodh gurbh acu a bhí an bua. Tríona Uí Mhurchú an múinteoir a bhí i mbun na foirne agus í thar a bheith sásta lena cuid scoláirí!
Gach bliain, bíonn jab deacair le déanamh ag na moltóirí chun na buaiteoirí a roghnú. Ina measc, bhí Áine Hensey, iarchraoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta agus iarchathaoirleach ar Gael Linn.
'Bíonn an ócáid seo ar cheann de bhuac-phointí na bliana domsa. Seo teacht le chéile na bhfathach: sár-chainteoirí óga ó cheann ceann na tíre, lena gcuid taighde déanta, tuairimí forbartha, solabharthacht snasaithe. D'fhéadfadh polaiteoirí agus daoine eile atá i mbéal an phobail go leor a fhoghlaim ó bheith ag éisteacht leis na déagóirí paiseanta seo. Is buaiteoirí iad uilig atá tagtha chomh fada le craobh an chomórtais iontach seo.'
‘Tá an daonlathas in Éirinn loite ag mionpholaitíocht áitiúil!’ an t-ábhar tráthúil a pléadh sa chraobh shinsearach. An t-am seo, bhí briatharchath bríomhar idir fhoirne ó Chóláiste Íosagáin, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal. Is beag a bhí idir na foirne, agus ba mhór an dúshlán a bhí roimh na moltóirí na buaiteoirí a roghnú! Ar deireadh, ba iad foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin - Caoimhe Ní Chuinn, Neans Nic Dhonncha agus Eimear Nic Dhonnchadha a tháinig amach chun cinn agus a d’ardaigh an corn. Bhí an-bhród ar mhúinteoir na foirne, Máire Ní Fhéinnidh, a threoraigh na cainteoirí go dtí an babhta ceannais seo.
Ba é Séin Ó Muineacháin, Teachta Dála nua-tofa de chuid Fianna Fáil agus iarbhuaiteoir an chomórtais é féin, a bhí mar aoichathaoirleach ar an ócáid. Agus é ag caint faoin chomórtas, dúirt sé,
‘Bhí rannpháirtíocht i gcomórtas díospóireachta Gael-Linn ar cheann de na buaicphointí dom agus mé sa mheánscoil. D'éirigh liom, agus le mo scoil trí chraobh réigiúnach a bhaint amach, maraon le Craobh na hÉireann i 2002. Ní féidir an iomarca béime a chur ar an tábhacht a bhaineann leis an díospóireacht agus an cumas chun argóint chuimsitheach atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh, ach go háirithe i saol an lae inniu agus an méid sin foinsí bréagacha eolais ann. Is cinnte go spreagann na díospóireachtaí grá don Ghaeilge, agus go gcabhraíonn siad le scileanna a chothú a sheasann le daoine agus iad ag tabhairt faoina ngairmeacha roghnaithe! '
Ghlac Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin buíochas leis na scoileanna ar fad a ghlac páirt i mbliana, le baill foirne Gael Linn a bhí i mbun an chomórtais a reáchtáil agus le Foras na Gaeilge as a dtacaíocht siúd. Bhí focal buíochais ar leith aige don aoichathaoirleach Séin Ó Muineacháin. Bhronn sé buanchorn agus duais de luach €1,000 ar na foirne buacacha sa dá roinn den chomórtas agus bronnadh duaiseanna de luach €250 ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh.