Aoine, 28 Feabhra 2025

Folúntas - Comhordaitheoir Gaelbhratach

Folúntas - Comhordaitheoir Gaelbhratach
Táimid ag lorg Comhordaitheoir Foirne Gaelbhratach chun tacú le forbairt agus bainistiú Gaelbhratach. Beidh an té a cheapfar freagrach as comhordú foirne, bainistiú tionscadail, oiliúint, cumarsáid agus imeachtaí, ag cinntiú go dtugtar tacaíocht éifeachtach do scoileanna agus do rannpháirtithe na scéime Is ról nua meán-bhainistíochta é seo taobh istigh d’fhoireann Gaelbhratach. Beidh an té a cheapfar freagrach do Bhainisteoir Gaelbhratach. Conradh 12 mí atá i gceist leis an ról seo. Tá deis ann go síneofar an téarma ach an maoiniú a bheith ar fáil. 

Príomhfhreagraíochtaí
  • Ceannaireacht Foirne: Meantóireacht agus tacaíocht a chur ar fáil do bhaill foirne chun oibriú go héifeachtach agus spriocanna straitéiseacha a bhaint amach. 
  • Bainistíocht Tionscadail: Straitéisí agus pleananna oibre a fhorbairt, lena n-áirítear feabhsú oibríochtaí agus próiseas leanúnach. 
  • Forbairt & Oiliúint: Cláir oiliúna a chur i bhfeidhm agus seisiúin tacaíochta a reáchtáil do scoileanna agus don phobal oideachais. 
  • Cumarsáid & Branda: Feidhmiú mar phointe teagmhála lárnach don chlár, bainistiú cumarsáide inmheánach agus seachtrach, agus cur chun cinn na dteachtaireachtaí branda. 
  • Imeachtaí & Gníomhachtaí: Imeachtaí for-rochtana agus ceardlanna a eagrú, ag cinntiú caighdeán ard cur i láthair agus rannpháirtíochta. 
  • Tuairisciú & Straitéis: Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an chláir, tuairiscí a scríobh agus feabhsúcháin a mholadh. 
  • Dualgaisí eile de réir mar is cuí. 

Cáilíochtaí & Scileanna Riachtanacha: 
  • Líofacht i nGaeilge agus i mBéarla (idir labhairt agus scríobh). 
  • Scileanna/Taithí ceannaireachta agus bainistíochta foirne. 
  • Taithí ar bhainistíocht tionscadail agus pleanáil straitéiseach. 
  • Scileanna cumarsáide agus comhordaithe den scoth. 
  • Cumas oibriú go neamhspleách agus le foireann. 
  • Cruinneas agus aird ar mhionsonraí i scríbhneoireacht agus tuairisciú. 
  • Scileanna láidre Teicneolaíochta Faisnéise (IT) agus eolas ar bhainistiú sonraí. 
  • Meon dearfach, solúbtha agus dírithe ar fhás. 
  • Taithí ar imeachtaí a eagrú agus ar thacaíocht a thabhairt d’fhoirne oideachais nó neamhbhrabúis. 
  • Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr (mar gheall ar thaisteal riachtanach don ról). 

Critéir Inmhianaithe:
  • Eolas agus tuiscint ar Earnáil na Gaeilge  
  • Eolas ar chórais oideachais in Éirinn agus tuiscint ar riachtanais scoileanna 
  • Eolas agus tuiscint ar an Earnáil Neamhbhrábúis nó/agus ar an Earnáil Phoiblí 
  • Taithí ag cruthú ábhair nó/agus áiseanna a d’imir tionchar leathan  
  • Taithí Ceannaireachta Foirne 
  • Taithí ag bainistiú tionscadail 
  • Taithí ar bhainistiú branda nó feachtais phoiblí 
  • Taithí ag scríobh tuairiscí nó/agus pleananna gnímh/scileanna straitéiseacha inléirithe 
  • Taithí le bogearra deartha 

Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Bíonn taisteal i gceist leis an ról seo chun imeachtaí a chur ar siúl in ionaid éagsúla timpeall na tíre. 
Seol CV agus litir chumhdaigh as Gaeilge chuig AD@gael-linn.ie más spéis leat cur isteach ar an ról seo roimh an gCéadaoin 26 Márta 2025.


Ag eascairt as an gcomórtas seo, d’fhéadfadh Gael Linn painéal nó painéil a chruthú óna bhféadfar folúntais chomhchosúla a líonadh amach anseo.  
I gcás ina gcruthaítear painéal, forchoimeádann Gael Linn an ceart chun a cinneadh nach gcuirfear ach líon áirithe ar an bpainéal sin. Ní hionann áit ar phainéal agus cinnteacht de phost, áfach.