Máirt, 11 Márta 2025

Scéim ‘Scoil Spreagtha’ le críochnú i Meitheamh 2025.

Scéim ‘Scoil Spreagtha’ le críochnú i Meitheamh 2025.

Scéim ‘Scoil Spreagtha’ le críochnú i Meitheamh 2025.

 

Le croí trom, fógraíonn Gael Linn, nach leanfar leis an scéim ‘Scoil Spreagtha’, mar a sheasann cúrsaí i láthair na huaire, sa scoilbhliain 2025/2026 de dheasca dúshláin mhaoinithe. Bhí Scoil Spreagtha á rith agus á maoiniú mar scéim phíolótach a mhair dhá bhliain, agus in ainneoin ár n-iarrachtaí leanúnacha, níor éirigh linn fós an tacaíocht chuí maoinithe a aimsiú chun an scéim a chothú agus a fhorbairt mar a bhí beartaithe.

Cuireadh tús le Scoil Spreagtha i mí na Samhna 2023, scéim creidiúnaithe do bhunscoileanna lán-Bhéarla, ar an chuspóir go mbeadh an scéim ina hinspioráid ag scoileanna a n-iarrachtaí ár dteanga dhúchais a chur chun cinn i suíomh na scoile a léiriú agus a mhéadú. Tá an-rath ar an scéim ó shin i léith agus tá dul chun cinn suntasach déanta ag an scéim i dtréimhse an-ghearr. Spreag an scéim deiseanna oideachasúla do 82 scoil agus 14,785 dalta agus léirigh breis agus 80 scoil agus breis agus 17,000 dalta suim a bheith páirteach sa scéim. Leis sin, tá éileamh de bhreis agus 160 scoil agus 31,000 dalta ar Scoil Spreagtha. Ar an drochuair, gan an tacaíocht chuí, ní féidir an scéim a thairiscint arís don scoilbhliain 2025/2026.

“Tá luach, tionchar, éifeacht agus éileamh na scéime doshéanta agus tá díomá an domhain orainn nach raibh muid in ann teacht ar an mhaoiniú agus ar an tacaíocht chuí atá tuillte ag an scéim, le go mbeadh an scéim in ann forbairt mar a bhí beartaithe i ndiaidh don tréimhse phíolótach, a aimsiú go fóill,” arsa Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Polasaí Oideachais le Gael Linn. “Dearbhaíonn Gael Linn go bhfuil sé de rún againn an scéim a fhorbairt mar a bhí beartaithe ach an maoiniú chuí a bheith ar fáil agus cuirimid fáilte roimh aon deis mhaoinithe a bheadh ann le scéim atá nuálach agus fíorluachmhar a choinneáil ar thalamh slán.”

 

Tuilleadh eolais:

Séamas Mac Eochaidh

Bainisteoir Polasaí Oideachais

Gael Linn

079 23 444 890

seamas@gael-linn.ie

 

Eolais eile atá tábhachtach


  • Tá cóip den taighde acadúil aréifeacht agus luach na scéime ar fáil anseo.

    ·       Forléargas ar na scoileanna/líon na ndaltaí ar fáil anseo.

    ·       Aischothú ar an scéim ó scoileanna ar fáil anseo.

    ·       Cóip de ‘Eolas Atá Uait’ ar fáil anseo.