Máirt, 05 Lúnasa 2025

George Morrison Imithe ar Shlí na Fírinne

George Morrison Imithe ar Shlí na Fírinne
(English Below)
Is méala mór do Bhord agus d’fhoireann Gael Linn bás George Morrison. Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann agus dá chairde.
Bhí ról lárnach ag George i bhforbairt na scannánaíochta in Éirinn.
I 1960, d'fhoilsigh Gael Linn Mise Éire, scannán a rianaigh stair na hÉireann ó c.1890 go dtí 1917. Ba é Mise Éire an chéad fhadscannán trí mheán na Gaeilge a foilsíodh riamh. Úsáideadh nuachtríleanna agus ábhair chomhaimseartha eile. George Morrison a rinne an scannán agus chóirigh Seán Ó Riada an ceol. Chuaigh Mise Éire i bhfeidhm go mór ar mhuintir na tíre. Rinne Gael Linn scannán eile ansin le Morrison agus Ó Riada a phléigh leis an tréimhse 1917 - 1923 den teideal Saoirse? a foilsíodh sa bhliain 1961.
Sa bhliain 1971 bhí Morrison i mbun stiúrtha ar Lorg na gCloch le Gael Linn. Stair na healaíona a léirítear ar chlocha greanta na hÉireann is ábhar don scannán gleoite seo.
Dúirt, Wayne Mac Feilimí, Cathaoirleach Bhord Gael Linn, ‘Tá caidreamh fada ag Gael Linn le George Morrison agus ardmheas againn ar a ndearna sé le tionscadail na scannánaíochta in Éirinn a fhorbairt. Bhí tallann as cuimse aige mar stiúrthóir. Tá Éireannaigh ar fud an domhain faoi chomaoin mhór aige as an taisce luachmhar atá fágtha aige ina dhiaidh.’
Dúirt Réamonn Ó Ciaráin POF Gael Linn
‘Chuidigh na scannáin a rinne Gael Linn faoi stiúir George Morrison le pobal na hÉireann ar fud na cruinne eolas níos fearr a chur orthu féin agus thug muinín dóibh don todhchaí a bhí rompu.’
The Board and staff of Gael Linn are deeply saddened by the passing of George Morrison. We would like to express our deepest condolences to his family and friends.
George Morrison played a central role in the development of filmmaking in Ireland.
In 1960, Gael Linn released Mise Éire, a film that traced the history of Ireland from c.1890 to 1917. It was the first ever feature length Irish language film to be produced. Newsreels and other contemporary materials were used. The film was directed by George Morrison and the music was arranged by Seán Ó Riada. Mise Éire had a profound impact on Irish people. Gael Linn then made another film, with Morrison and Ó Riada, which dealt with the period 1917 - 1923 - called Saoirse? which was released in (1961).
In 1971 Morrison directed Lorg nag Cloch with Gael Linn. The history of art as depicted on the engraved stones of Ireland was the subject of this beautiful film.
Wayne Mac Feilimí, Chairman of the Board of Gael Linn, said, ‘Gael Linn has a long association with George Morrison, and we hold what he did to develop the film industry in Ireland with the highest regard. He was a director of immense talent. Irish people around the world are deeply indebted to him for the valuable legacy he has left behind.’
Réamonn Ó Ciaráin, Gael Linn CEO, said, ‘The films Gael Linn produced with George Morrison helped the Irish understand themselves better and gave them confidence facing into the future.’

Clibeanna

Music (2)
Féach ar na Poist go léir