Céadaoin, 15 Deireadh Fómhair 2025

Scéim Scoláireachtaí do Chúrsaí Gaeltachta do Dhéagóirí (Faoi 18) 2026

Scéim Scoláireachtaí do Chúrsaí Gaeltachta do Dhéagóirí (Faoi 18) 2026
Scéim Scoláireachtaí do Chúrsaí Gaeltachta do Dhéagóirí (Faoi 18) 2026

Tá áthas ar Gael Linn a fhógairt go bhfuil ár scéim scoláireachtaí do dhéagóirí atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge oscailte anois agus táimid ag glacadh le hiarratais. Is deis í seo do dhaltaí scoile faoi 18 bliana d'aois, a bheidh ag freastal ar chúrsa Gaeltachta i samhradh 2026, páirt a glacadh i scéim scoláireachtaí  chun scoláireacht ar luach €150 do chúrsa 2 sheachtain & €250 do chúrsa 3 seachtaine a fháil chun cuid de chostais an chúrsa Gaeltachta sin a chlúdach. Tá an scéim seo oscailte do dhaltaí de chuid na sé chontae amháin.
 
Céimeanna:
- Labhair le do mhúinteoir Gaeilge le do chuid suime a léiriú.
- Caithfear bheith cláraithe ar chúrsa Gaeltachta
 
LE CUR ISTEACH:
Le cur isteach ar an scéim scoláireachtaí seo déan teagmháil le poilin@gael-linn.ie
 
SPRIOCDHÁTA na scéime chun iarratas a chur isteach ná 17:00 ar an Déardaoin 6ú de mhí na Samhna 2025ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta seo.

Clibeanna

Music (2)
Féach ar na Poist go léir