Folúntas - Feidhmeannach, Gaelbhratach
Réamhrá:
Tá Gael Linn ag earcú Feidhmeannach Gaelbhratach atá fuinniúil, ildánach agus tiomanta chun tacú le cur i bhfeidhm laethúil scéim Gaelbhratach. Is deis iontach í seo do chéimí, duine ag tús a ngairme nó duine le taithí éagsúil oibriú le heagraíocht atá ag croílár chur chun cinn na Gaeilge i saol na n-óg, agus eispéireas praiticiúil a fháil i réimsí an oideachais, imeachtaí, agus tacaíocht scoile.
PRÓIFÍL AN PHOIST
Critéir Riachtanacha:
- Líofacht Gaeilge agus Béarla, idir labhairt agus scríobh
- Cruinneas teanga agus sonraí
- Scileanna idirphearsanta láidre
- Meon dearfach agus solúbtha
- Ardscileanna ríomhaireachta
- Ardscileanna cumarsáide
- Cumas obair go neamhspleách agus le foireann
- Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
Beidh an té a cheapfar:
- Réiteach-dhírithe
- Dearfach & solúbtha
- Dírithe ar feabhas, fás & forbairt
I measc na bhfreagrachtaí, tá:
- Ceardlanna, cruinnithe agus cuairteanna tacaíochta a eagrú agus a éascú
- Tacaíocht phraiticiúil agus spreagadh a thabhairt do scoileanna
- Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Gael Linn ag ócáidí, féilte, comhdhálacha, agus seastáin eolais
- Áiseanna agus acmhainní a fhorbairt
- Tuairisciú ar dhul chun cinn
Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Tá deiseanna cianoibre ann ach teacht ar chomhaontú cuí. Bíonn taisteal i gceist leis an ról seo in ionaid agus scoileanna éagsúla timpeall na tíre.
Tuarastal tosaigh: ó €35,000 sa bhliain, le dul chun cinn bunaithe ar thaithí agus ar fheidhmíocht.
Seol CV agus litir chumhdaigh chuig AD@gael-linn.ie más spéis leat cur isteach ar an ról seo.