
Is cúrsa é seo chun deis a thabhairt do dhaltaí na hIdirbhliana bunscileanna sna meáin chumarsáide a fhorbairt. Buntáiste mór ná go mbíonn an Ghaeilge á foghlaim ag na daltaí i rith an ama. Tugtar tuiscint dóibh ar mhodhanna éagsúla cumarsáide; iriseoireacht, raidió, teilifís agus na meáin shóisialta. Baineann siad úsáid as trealamh gairmiúil ar feadh an chúrsa. Buaicphointí an chúrsá ná gearrscannán a dhéanamh, chomh maith le clár raidió a chur le chéile agus a thaifeadadh i stiúideoanna Raidió na Life.
Scileanna Craoltóireachta:
– Léiriú agus leagan amach clár raidió
– Ullmhú scripteanna
– Úsáid chóras fuaime
– Agallóireacht
– Eagarthóireacht
Scileanna Scannánaíochta:
– Ullmhú plean agus script scannánaíochta
– Úsáid cheamara
– Eagarthóireacht
Seachtain amháin | Luan go hAoine | 10.00am go dtí 3.00pm (*críochnú ag 1pm Aoine)
15 dalta ar gach cúrsa tríd clárú grúpa amháin
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
€70 an duine – is féidir le scoil íoc as seo don ghrúpa ar fad tríd sonrasc uainn nó is feidir leis an dalta aonair íoc ar an gcéad lá
Má tá tú ag iarraidh cúrsa a chur in áirithe do ghrúpa ó do scoil nó má tá tuilleadh eolais uait, cuir rphost chuig eve@gael-linn.ie leis an méid daltaí agus le do rogha daltaí.


