Féilte Peile

Tá sé mar aidhm ag na Féilte Peile deis a thabhairt do dhaoine óga atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge teacht le chéile do bhlitzchomórtas peile agus gníomhaíochtaí sóisialta thar dhá lá sna réigiúin Gaeltachta éagsúla.

Categories
  • Bunleibhéal
Cláraigh

Cur síos

Tá Gael Linn i mbun roinnt imeachtaí spóirt a bhfuil sé mar aidhm acu deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ar ócáidí ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha. 

Tá na Féilte Peile dírithe go príomha ar Ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Gaeltachta.

Eagraítear cúig fhéile peile gach bliain, dhá cheann i gCúige Mumhan agus ceann amháin i ngach cúige eile. Glacann ocht bhfoireann páirt iontu agus bíonn naonúr ar gach foireann, idir bhuachaillí agus chailíní. Go minic bíonn gá le réamhbhabhtaí cáilithe. Bíonn na féilte ar siúl i gceantair Ghaeltachta agus bíonn oíche amháin as baile i gceist do na foirne uile, ach amháin an fhoireann bhaile, más ann di.

Caithfidh gach imreoir bheith ag freastal ar bhunscoil.

Naonúr imreoirí a bhíonn ar gach foireann ach bíonn cead 18 a bheith ar an bpainéal.

Foirne measctha a bhíonn ann agus ní mór 4 cailín ar a laghad a bheith ar an bpáirc i gcónaí.

Imrítear 12 nóiméad an taobh.

Ceadaítear preab amháin agus rith aonair amháin, nó dhá rith aonair.

Ceadaítear an liathróid a phiocadh díreach ón talamh.

Ceadaítear gach cic saor, 45, cic amach, nó cic taobh líne, a thógáil ón láimh.

Ní bhíonn aon chearnóg ann ná aon chic éirice.

Imrítear cluichí trasna na páirce (c. 85 méadar).

Ocht bhfoireann a bhíonn páirteach i ngach féile, [2 ghrúpa de 4 fhoireann le híosmhéid de 3 chluiche ag gach foireann]

€35 an páiste dóibh siúd a bhíonn ar lóistín agus €10 an páiste dóibh siúd nach mbíonn ar lóistín. Íocann Gael Linn gach costas‚ lóistín‚ bia‚ duaiseanna agus eile ag na féilte agus 50% de chostas an bhus. Ceadaítear do gach scoil suas le 18 páiste a thabhairt leo chuig na féilte.

Bronntar Corn Gael Linn agus boinn ar na buaiteoirí. Bronntar boinn freisin ar an bhfoireann eile a ghlacann páirt sa Chraobh.

Chomh maith leis an bpeil, glacann na daltaí páirt in imeachtaí spraíúla eile -: quizboird, ceolchoirm, céilí, nó eile.

Tá an fhéile peile ar an chomórtas is fearr atá ar fáil do bhunscoileanna, bíodh sé i mBéarlá nó Gaeilge!

Tuilleadh eolais faoi Féilte Peile

Tuilleadh Eolais 
Tomás Ó Cadhla | Gael Linn | 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2 | (087) 7474927 | R-phost: tomasrua@gael-linn.ie