Mo Theanga, Mo Scéal
Is iomaí cuma atá ar an nGaeilge. Fuaimnítear í ar bhealaí éagsúla. Baineann sí le gach cineál duine. Baineann an teanga le cách – daoine atá líofa, daoine atá ag foghlaim, daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, daoine atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht, daoine atá i gcongar, daoine atá i gcéin, daoine nach raibh deis acu í a fhoghlaim fós. Mar sin, inis dúinn - i bhfoirm dáin, i bhfoirm amhráin, i gcúpla líne, i bhfíseán: Cad é do scéal féin leis an nGaeilge?