Oidhreacht
Bíonn toradh ar obair Gael Linn
D’oibrigh bunaitheoirí Gael Linn amach go luath nach raibh rath ar chultúr na ngearán. B’fhearr leo an chéad chéim a ghlacadh iad féin agus an chéim eile ina dhiaidh sin. Bíonn toradh ar obair Gael Linn an mana a bhí acu. Tá oidhreacht shaibhir chultúrtha a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint léi tiomsaithe ag Gael Linn ó bhliain 1953.
Ceol
Tá breis agus 300 foilseachán ceoil i gcatalóg Gael Linn. I measc na gceoltóirí a thaifead le Gael Linn tá Seán Ó Riada, Skara Brae, Mary Bergin, Dolores Keane, Clannad, Micheál Ó Súilleabháin, Peadar Ó Riada, Aoife Ní Fhearraigh srl.
Tá céatadán ard den cheol seo ar fáil anois ar ardáin dhigiteacha ar fud na cruinne. Tá cuid dó le digitiú go fóill. Déan cinn
Imeachtaí
Ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí den oidhreacht a bhaineann le Gael Linn is é an líon ard daoine a bhí páirteach in imeachtaí Gael Linn agus a chuaigh ar aghaidh le héachtaí a dhéanamh sa saol poiblí agus sa saol príobháideach. Is cinnte go raibh, go mbíonn agus go mbeidh rath ar obair Gael Linn.
Ábhar Teagaisc
Gael Linn a rinne na taifid don chúrsa teagaisc Buntús Cainte agus cé gur foilsíodh mar chuid de chlár teilifíse ar RTÉ i lár na 60í den chéad seo caite tá rath ar na taifid seo go fóill agus iad ar fáil ar ardáin dhigiteacha ag Gael Linn.
Leanann obair Gael Linn ag tiomsú oidhreachta a thacaíonn le láidriú agus leathnú na Gaeilge. Tá sé seo déanta againn trí leabhair a fhoilsiú, ceol a thaifead, closleabhar a choimisiúnú, foilseacháin oideachasúla a fhorbairt agus ár láithreacht a mhéadú ar na meáin shóisialta.

Scannánaíocht
Tá traidisiún fada ag Gael Linn maidir le scannáin a fhorbairt. Tá 3 phríomhscannán úrnua, 34 gearrscannán agus os cionn 264 scéal nuachta ar fáil go sábháilte i gCartlann Institiúid Scannán Éireann (IFI). Bhí an-chlú ar Mise Éire, an chéad fadscannáin i nGaeilge a léirigh Gael Linn leis an stiúrthóir, George Morrison. I gcomhar le IFI beidh bailiúchán Amharc Éireann á chur ar fáil ar fud na cruinne i nGaeilge agus i mBéarla go luath. Tá an tábhacht ag ceannródaíocht Gael Linn sa scannánaíocht ó thaobh stair shóisialta na hÉireann ó 50í agus 60í an chéid seo caite ar aghaidh.
D’oibrigh Gael Linn le roinnt de mhórphearsana scannánaíochta na hÉireann ar nós George Morrison, Louis Marcus agus Colm Ó Laoighre.
Amharc Éireann