Ceiliúradh Téada @25 sa Cheoláras Náisiúnta
Pribhléid ar leith dúinn a bheith i láthair ag ceolchoirm Téada agus iad ag ceiliúradh cúig bliana fichead ar an fhód sa Cheoláras Náisiúnta, i gcomhar le Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ. Tá Gael Linn an-sásta ar fad as a bhfuil bainte amach ag Téada mar ghrúpa le ceol traidisiúnta na hÉireann a chur ar ardán domhanda agus an Ghaeilge á cur i lár an aonaigh acu i dtólamh. Ba mhór an onóir dúinn ar fad fosta Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a bheith sa chuideachta ag an ócáid speisialta seo lena fear céile Brian McEnery. Léirigh a láithreacht an meas atá ag an stát ar cheoltóirí agus ar chaomhnú ár gcultúir agus ár dteanga.
Comhghairdeas le TÉADA, le Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ agus leis na haíonna as pabhar, na hamhránaithe Méabh Ní Bheaglaoich agus Niamh Farrell, as oíche dhraíochtúil a chur ar fáil do scaifte mór. Bhí an ceol, an amhránaíocht, an rince iontach ar fad. Bhí na cuimhní cinn idir na míreanna an-spéisiúil, maoithneach in amanna agus fíor-ghreannmhar ar fad thall is abhus. Ba iad Ryan Molloy, Mathew Berrill agus Michael Keeney a rinne na socruithe ceolfhoirne agus ba í Karen Ní Bhroin a stiúir Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ don ócáid an-snasta seo. Chuir cumhacht na ceolfhoirne go mór leis an oíche. Sheas an lucht éisteachta agus thug na gártha molta do na hoirfidigh faoi dhó ag deireadh na hoíche agus achan duine faoi gheasa ag imeachtaí na hócáide.
Tá an-áthas ar Gael Linn go gCraolfar an cheolchoirm seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 9ú hAibreán @ 19:00 agus tá muid ag súil le taifead a fhoilsiú amach anseo. Is ar lipéad Gael Linn a eisíodh an chuid is mó de cheol Téada.
Gura fada buan TÉADA!!!
