Bíonn toradh ar obair Gael Linn an mhórtheachtaireacht a tháinig ó chruinniú an-dearfach a bhí ag Cuideachta Gael Linn san Ardoifig ar Shráid an Dáma, Baile Átha Cliath, ag deireadh na seachtaine. Deis a bhí ann ag baill foirne eolas a roinnt faoin obair mhór mhaith atá ar siúl ag an eagraíocht ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta fosta. Taithí dhearfach i leith na Gaeilge a éascú do chách an misean atá ag Gael Linn agus bhí scéalta go leor le roinnt leis An Chuideachta ag an chruinniú leathbhliana seo a dtugtar Tionól Gael Linn air. Tá fás tagtha ar Gaelbhratach agus ar Scoil Spreagtha ó thuaidh agus fás fosta ar líon na ndaoine fásta atá a roghnaíonn cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus cúrsaí ar líne in Éirinn agus go hidirnáisiúnta le Gael Linn. Tá scéimeanna oideachasúla Gael Linn ag dul ó neart go neart fosta ar fud na tíre thuaidh agus theas. Cruthaíonn an eagraícht réimse leathan deiseanna úsáide don teanga a shaibhraíonn comhthéacs na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí na teanga.
Níl achan chúinse faoi smacht na heagraíochta áfach agus rinneadh plé ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhaineann leis an nuacht go bhfuil sé beartaithe limistéar do choisithe amháin a dhéanamh de Shráid an Dáma sna blianta beaga romhainn. Ní mór pleanáil chuige sin agus níos mó daoine ná riamh ó Éirinn agus ó thíortha eile ag iarraidh spraoi agus só a bhaint as an ardchathair agus iad ar a sáimhín só ar leac an dorais ag Gael Linn. Cad é mar is féidir cuid acu a mhealladh trasna na tairsí? Cén taithí dhearfach a ba mhaith leo siúd ó Gael Linn maidir leis an Ghaeilge agus a hoidhreacht.
Taispeánadh dréachtshuíomh gréasáin nua Gael Linn ag an chruinniú agus tugadh le fios fosta go bhfuiltear ag cruinniú scéalta ó dhaoine maidir le taithí s’acu féin leis an nGaeilge mar chuid de thogra níos leithne.
Is nós le Gael Linn cuireadh a chur ar aoi teacht os comhair an tionóil i Mí an Mhárta. Bhí caint thar a bheith suimiúil ag aoichaointeoir na bliana seo, An Seanadóir Seán Kyne. Spreag a aitheasc plé bríomhar ar na hábhair seo: dúshláin sna réigiúin Ghaeltachta, tithíocht sa Ghaeltacht, earcaíocht sa tseirbhís phoiblí, díolúintí ón Ghaeilge.
Gabhann Gael Linn buíochas lenár maoinitheoirí as an mhuinín a chuireann siad san eagraíocht. Faigheann Gael Linn maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, An Roinn Oideachais agus Óige agus An Roinn Oideachais, Tuaisceart Éireann. Tá Gael Linn buíoch fosta as an ardú maoinithe a d’fhógair An tAire Dara Calleary sa cháinaisnéis anuraidh.
Ní neart go cur le chéile!
