Tráchtairí Óga i mbun a gceird i bPáirc an Chrócaigh!

Bronnadh Duaiseanna Chomórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh Gael Linn 2025 

Bronnadh duaiseanna Chomórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh Gael Linn 2025 i bPáirc an Chrócaigh ar an 11ú Nollaig. Tá an comórtas ag dul ó neart go neart agus líon na n-iontrálacha ag dul i méd i gcónaí. Reáchtálann Gael Linn an comórtas uathúil seo i gcomhar le Nemeton TV agus Cumann Lúthchleas Gael.    

Rinneadh athainmniú ar an gcomórtas seo  i mbliana in ómós don duine a aithnítear mar ‘Guth  Chumann Lúthchleas Gael’ agus duine a d’fhág rian buan ar shaol sóisialta na tíre seo: Mícheál Ó Muircheartaigh. 

Dúirt Mairéad Ní Thiománaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Gael Linn,  

 “Ní féidir an tionchar a bhí ag Mícheál a chur i bhfocail: na buanna speisialta a bhí aige, stíl fhileata cainte, féith an ghrinn, léamh na himeartha, scoth na scéalaíochta agus máistreacht ar úsáid nádúrtha na teanga. Leanfaidh sé ag spreagadh glúin i ndiaidh glúine tabhairt faoin cheird uathúil seo na tráchtaireachta.” 

Cuireann an comórtas béim ar scileanna atá fíorluachmhar sa lá inniu ann – cumarsáid, cur i láthair, cruthaitheacht agus scileanna teanga. Spreagtar daoine óga chun a nguth féin a aimsiú trí mheán na Gaeilge agus trína spéis sa CLG. Bhí scoth na samhlaíochta agus na cruthaitheachta le feiceáil sna hiontrálacha ar fad. 

“Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an chéad ghlúin eile ag forbairt na scileanna seo agus iad ag ullmhú le tabhairt faoin chúram speisialta seo le teacht i gcomharbacht ar chuid de na máistrí atá inár measc inniu agus a rinne moltóireacht ar an chomórtas i mbliana.” 

Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn

Ghabh Gael Linn buíochas ó chroí le Clann Uí Mhuircheartaigh, as a dtacaíocht leanúnach; Jamie Ó Tuama agus Coiste Náisiúnta na Gaeilge CLG chomh maith leis na múinteoirí agus meantóirí a threoraigh agus a spreag na scoláirí. 

Bhí plúr na dtráchtairí atá againn sa tír seo i mbun moltóireachta arís i mbliana: Mac Dara Mac Dhonnchadh, Máire Ní Bhraonáin, Dara Ó Cinnéide agus Liam Mac a’ Mhaoir. Agus é ag labhairt thar cheann an phainéil ag an ócáid, dúirt Dara Ó Cinnéide: 

“Is mór an spreagadh agus an t-ardú meanman a bhíonn i gceist le héisteacht leis na daoine óga cumasacha seo agus iad ag tabhairt beocht úrnua don spórt trí mheán na Gaeilge. Tá todhchaí na tráchtaireachta spóirt slán agus tá tábhacht as cuimse le comórtais den sórt seo chun deiseanna a chruthú don chéad ghlúin eile.” 

Buaiteoirí 2025 

As Corcaigh agus as Gaillimh go príomha a tháinig tromlach na mbuaiteoirí i mbliana – dhá chontae a bhfuil traidisiún láidir ann i leith na gcluichí gaelacha agus na teanga araon. Bhí ardchaighdeán amach is amach le feiceáil sna hiontrálacha ar fad. 

Buaiteoir Náisiúnta 2025 

Ruadhán Ó Coisdealbha – Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe 

  • Seal a chaitheamh i mbosca tráchtaireachta TG4 ag cluiche le linn 2026 
  • Seic ar €500 
  • 4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide 
  • 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora 

Buaiteoirí Sóisearacha 

An Chéad Áit: Ferdia Mac Eoin – Coláiste Gobnait, Inis Oirr, Co. na Gaillimhe 

An Dara hÁit: Dara Mac Cionnaith – Scoil Abán Naofa, Baile Mhúirne, Co. Chorcaí 

An Tríú hÁit: Juliemae Ní Cheallaigh – Scoil Chúil Aodha, Barr D’Inse, Co Chorcaí 

2 x Duaiseanna ar leith – Matthew Ó Tuama & Earnán Ó Cuill, Scoil Chúil Aodha Barr D’Inse, Co Chorcaí 

Buaiteoirí Sinsearacha 

An Chéad Áit: Cóil Mac Con Iomaire – Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe 

An Dara hÁit: Traolach Ó Ríordáin – Coláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí 

An Tríú hÁit; Éabha Burke – Ardscoil na Mara, Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe