Gaelbhratach
Scéim scoile a chuireann an Ghaeilge chun cinn taobh amuigh den sheomra ranga ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal fud fad na hÉireann.
- Bunleibhéal
- Iarbhunleibhéal

Is scéim scoile í Gaelbhratach a spreagann an Ghaeilge taobh amuigh den seomra ranga.
Oibrímid le múinteoirí agus daltaí chun droichead dearfach a chruthú idir an Ghaeilge mar ábhar scoile agus agus an Ghaeilge mar ghnáththeanga beo bríomhar na scoile, trí dheiseanna úsáide Gaeilge spraíúla, cruthaitheacha agus daltaí-lárnacha a chur i bhfeidhm, ionas go ndéanfar normalú ar an teanga i bpobal iomlán na scoile.
Tacaítear le scoileanna sna 32 contae ar fud na tíre chun deiseanna labhartha a mhéadú agus an Ghaeilge a chur chun cinn.
Mar chuid lárnach den scéim, cuireann an scoil coiste daltaí “Gaelbhratach” le chéile, agus le tionchar óna gcomhghleacaithe agus a gcairde, stiúrann an coiste seo na himeachtaí Gaeilge agus nósanna teanga a chruthaítear sa scoil. Cuirtear oiliúint ar fáil do choistí chun imeachtaí a reáchtáil dá mbaill agus do phobal na scoile ina iomláine, agus cur chun cinn na Gaeilge mar phríomhsprioc acu. Is leis na daltaí féin an scéim: na smaointe, an phleanáil agus na torthaí.
Aithnítear iarrachtaí scoile thuaidh agus theas i gcomhair le creatlach chéimiúil atá dearbhaithe chun an Ghaeilge a dhéanamh ina gnéithe nádúrtha den saol laethúil scoile, le ceannasaíocht dalta-lárnach sa chur chuige.
I ndiaidh don scoil céimeanna áirithe a ghlacadh i leith na Gaeilge, baintear “Gaelbhratach” amach, a léiríonn gur scoil í a bhfuil dea-thoil don Ghaeilge acu agus a bhfuil an Ghaeilge mar chuid thábhachtach don saol laethúil scoile inti.
I mbliana, tá 400+ scoil ar an scéim, thar 32 contae, agus níos mó ná 160,000 daltaí ar an scéim. Gabhaimid buíochas leis An Roinn Oideachais agus Óige; Foras na Gaeilge; agus An Roinn Forbartha, Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta as a tacaíocht leanúnach agus as maoiniú a chur ar fáil.
Is féidir le bunscoileanna T2 agus iarbhunscoileanna de ghach saghas páirt a ghlacadh sa scéim Gaelbhratach.
Oibrímid le gach saghas scoil, idir scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge láidir agus scoileanna atá beagáinín neirbhíseach.
Is mó na buntáistí a bhaineann le páirt a ghlacadh sa scéim, de réir na múinteoirí agus daltaí atá páirteach. Nuair a cheanglaíonn daltaí agus foireann na scoile an Ghaeilge le spraoi agus taitneamh, feictear:
- meon dearfach i leith na Gaeilge á chruthú i measc na ndaltaí
- úsáid na Gaeilge agus cumas Gaeilge á fheabhsú
- daltaí ag bláthú i leith muiníne, neamhspleáchais, scileanna cumarsáide agus scileanna ceannasaíochta
Más maith le do scoil páirt a ghlacadh, brúigh ar an gcnaipe ‘cláraigh’ thuas le do scoil a chlárú don scoilbhliain le teacht. Bí airdeallach go bhfuil liosta feithimh ag an scéim agus tugfar cuireadh le bheith ar an scéim a luaithe agus is féidir.
Tá tobar ollmhór acmhainní cruthaithe ag Gaelbhratach atá ar fáil do chách. Bíonn foireann Gaelbhratach i gcónaí ag cuardach, ag cruthú agus ag roinnt smaointe a chabhraíonn le comhrá Gaeilge a spreagadh agus an Ghaeilge a normalú.
Lean na naisc thíos le breathnú ar acmhainní Gaelbhratach. Tá fáilte romhaibh an t-ábhar a úsáid, a íoslódáil agus a roinnt:
Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an scéim ag an mbunleibhéal ar fáil sa lámhleabhar.
Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an scéim ag an iar-bhunleibhéal ar fáil sa leabhrán.
Bunaíodh an scéim mar gheall ar ghéarghá deiseanna nádúrtha úsáide a chruthú, a thacódh leis an nGaeilge mar ábhar scoile, agus a leathnódh meon páistí i leith na Gaeilge go mbreathnóidís uirthi mar theanga bheo in áit ábhar scoile amháin.
Cuireadh tús oifigiúil leis an scéim sa scoilbhliain 2012/13, ag an mbunleibhéal agus bliain níos déanaí ag an iar-bhunleibhéal.
Ó shin i leith, tá an scéim i ndiaidh dul i bhfeidhm ar gach saghas scoile ar fud na tíre – ó scoileanna uirbeacha agus tuaithe ina bhfuil gá le beocht a athchur sa teanga iontu, go Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ina bhfuil sí mar phríomhtheanga laethúil.
Bíonn tú ag díriú ar an taobh meicniúil den Ghaeilge sa seomra ranga, ar nós ábhar gramadaí agus comhréir abairtí, ach tá an oiread sin rudaí eile bainteach leis an nGaeilge – mar shampla an cultúr agus an comhluadar. Is é sin an fáth go bhfuil an Gaelbhratach agus an Ghaeilge chomh tábhachtach sin dúinn.

Tuilleadh eolais faoi Gaelbhratach
Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaelbhratach.ie chun tuilleadh eolais a lorg faoi ghné ar bith den scéim.