Faoi Gael Linn
Tríd an obair a dhéanaimid le scoileanna, le heagraíochtaí eile agus an pobal teanga i gcoitinne, tugtar deiseanna do dhaoine foghlaim, forbairt agus fás.
Bunaithe in 1953, is eagraíocht neamhbhrábúsach í Gael Linn a chuireann an Ghaeilge agus a hoidhreacht chun cinn. Tá stair fhada ag an eagraíocht ag tacú le ceoltóirí traidisiúnta agus ag cur an ceol chun cinn. Tá bailiúchán suntasach de thaifid ceoil ag Gael Linn agus tá ról lárnach againn ag cothú agus ag spreagadh an chéad ghlúin eile trí chomórtais agus deiseanna cur i láthair.
Gné thábhachtach eile dár ngníomhaíochtaí ná tacaíocht a chur ar fáil do theagascóirí Gaeilge trí ábhar foghlamtha, fóraim tacaíochta agus comhairle ar pholasaí a sholáthar.
Aidhm
Tá sé mar aidhm ag Gael Linn taithí dhearfach a spreagadh i leith na Gaeilge do dhaoine de gach aois. Éascaítear an bealach dóibh chun teacht ar an iliomad deiseanna a bhaineann leis an teanga, go sóisialta agus go proifisiúnta.
- Fís
- Taithí dhearfach i leith na Gaeilge a éascú do chách
- Misean
- An bealach a éascú i dtreo sochaí ilteangaí ina mbíonn deiseanna nádúrtha ag daoine an Ghaeilge a úsáid go sóisialta agus go proifisiúnta mar is mian leo.
- Luachanna
- A bheith ábhartha, tuisceanach, dóchasach, ag foghlaim i gcónaí agus a bheith dearfach.
Tuilleadh fúinn
Bíonn Gael Linn ag plé le daoine ar líne agus i bpearsa fud fad na hÉireann (agus i gcéin!) Tá 2 phríomhionad againn ina gcuirtear an obair luachmhar seo i gcrích – Ceannoifig na heagraíochta ar Shráid an Dáma i lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus an Lárionad Cultúrtha, Aonach Mhacha i gCathair Ard Mhacha.
Bíonn rannpháirtíocht ghníomhach ag croílár ár gcleachtais, agus le blianta fada táimid ag déanamh uasdátú agus leasú ar ár gclár imeachtaí agus gníomhaíochtaí le cinntiú go bhfuilimid san áit cheart chun tacú lenár bpobal. Tá ról lárnach ag Gael Linn ag tacú le teagascóirí agus le foghlaimeoirí na teanga trí ghníomhaíochtaí ‘fíor-shaol’ a sholáthar a thugann deiseanna dóibh an Ghaeilge atá acu a fhorbairt. Tacaimid le ceoltóirí trí ardán a chur ar fáil dóibh chun iad féin a chur i láthair, a gcuid scileanna a fhorbairt agus an tuiscint atá acu ar thraidisiún na tíre seo a neartú.
Buíochas lenár maoinitheoirí
Tá go leor de scéimeanna Gael Linn maoinithe ag gníomhaireachtaí seachtracha ar nós Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Gan an tacaíocht leanúnach seo, ní fhéadfaimis ár gcuid oibre thábhachtach a chur i gcrích.



Ag obair linn
Bímid i gcónaí sa tóir ar dhaoine paiseanta a roinneann ár luachanna agus a bhfuil fonn orthu cur le spriocanna Gael Linn. Le chéile, is féidir linn tionchar dearfach agus tairbheach a imirt chun saibhreas teanga agus chultúr na tíre seo a chur chun cinn.
Foireann Gael Linn