Bréagchúirt ’26 buaite ag Dlíchumann na hÉireann

Bhain foireann ó Dlíchumann na hÉireann an duais mhór amach i gCraobh Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn 2026, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, 6 Samhain 2026. Tá na buaiteoirí, Sadhbh Ní Ghrada agus Áine Ní Chualáin sa phictiúr thuas le Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus na breithiúna.

Thug ocht bhfoireann ó institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre aghaidh ar a chéile.  Comórtas dian a bhí ann a thosaigh le babhtaí cáilithe a tionóladh ar maidin in Óstaí an Rí, sular aistríodh an comórtas go dtí na Ceithre Cúirteanna don chraobh tráthnóna. Reáchtáladh an Chraobh sa Chúirt Uachtarach ós comhair na breithiúna Mark O’ Connell, Sinéad Ní Chúlacháin agus Nuala de Buitléir.

Don bhabhta craoibhe, thug foireann Dlíchumann na hÉireann, ar a raibh Sadhbh Ní Ghráda agus Áine Ní Chualáin, aghaidh ar fhoireann Ollscoil na Gaillimhe, ar a raibh Tomás Ó Canáin agus Cianna Cullen. Rinne na hiomaitheoirí díospóireacht ar chás bréagach dar teideal An Pobal, ar Agra, An Stiúrthóra Ionchúisimh Phoiblí v. Aoife Ní Chléirigh. 

Léirigh na foirne ardchaighdeán taighde dlí, scileanna abhcóideachta agus cumas argóna trí mheán na Gaeilge le linn an lae. Mhol na breithiúna go mór an ghairmiúlacht agus an dianobair a bhí le sonrú ó na rannpháirtithe ar fad!

Tá an comórtas seo ar siúl ó 1998 agus tá pictiúir de na buaiteoirí ar fad ón mbliain 2001 le feiceáil ar chartlann ghrianghraif Gael Linn ANSEO